Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Mapa Suímh

Histeapaiteolaíocht & Anatamaíocht Ghalair

Faoin disciplín Histeapaiteolaíocht agus Anatamaíocht Ghalair cuirtear oideachas fochéime sa Phaiteolaoíocht (an bunús le galair) ar fhochéimithe leighis sa 2ú agus sa 3ú bliain agus cuirtear oideachas sé Dlí-eolaíocht agus san Eitic Leighis ar mhic léinn leighis na 4ú bliana. Déanann an disciplín roinnt den teagasc paiteolaíochta fochéime déadaigh chomh maith. Cuireann an disciplín deiseanna taighde ar fáil ag leibhéal iarchéime do mhic léinn MSc, PhD agus MD sa phaiteolaíocht mhóilíneach agus sa bhitheolaíocht siadaí agus tairgeann sraith chuimsitheach ardán teicneolaíochta bitheolaíochta móilíní, lena n-áirítear seicheamhú den 1ú agus den 2ú glúin, PCR eagair oscailte agus digiteach, mFISH, cíticeimic imdhíonachta uathoibrithe agus eastóscadh aigéid núicléasaigh róbatach. Tá roinnt réimse téamach taighde ag an disciplín, lena n-áirítear:

Bitheolaíocht gaschille ailse, meiteastáis, ailse cheirbheacsach, phróstatach, ubhagánach agus ailse chinn agus mhuineáil, imdhíoneolaíocht ailse agus transcriptomics agus próitéamaíocht toirchis.


Nuashonraithe 21 September 2016 Paul Smyth (Ríomhphost).