Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Mapa Suímh

Institiúid Loyola

Scoil Chónasctha na Reiligiún, na Diagachta agus na hÉacúiméinice (uaillmhianach)

I 2011 a bunaíodh Institiúid Loyola le vóta Bhord Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath. Institiúid ar leith atá ann d’oideachas agus do thaighde ar an diagacht sa traidisiún Caitliceach.  Tá sé ar cheann d’institiúidí Scoil Chónasctha na Reiligiún, na Diagachta agus na hÉacúiméinice in éineacht le Scoil Éacúiméinice na hÉireann agus Roinn na Reiligiún agus na Diagachta. Tá an Dr Cornelius J. Casey ceaptha ina chéad Stiúrthóir ar an Institiúid.

Beidh Modhnóireacht nua BA sa Léann Diagachta Caitlicí á tairiscint ag an Institiúid ó théarma na Féile Michíl 2013. Tá sé leagtha amach le heolas a thabhairt do mhic léinn ar thraidisiún diagachta, intleachta agus cultúir an chreidimh Chaitlicigh. Tabharfar na scileanna agus an tuiscint eiticiúil do mhic léinn le bheith rannpháirteach i ndíospóireachtaí reatha faoi áit an traidisiúin intleachta Chaitlicigh sa domhan mór.

Teagmháil: Loyola@tcd.ie

 


Nuashonraithe 4 December 2012 LINDSAYE@tcd.ie (Ríomhphost).