Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



(Introduction to Irish & Celtic Languages) en Gaeilge

Má tá suim agat staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, Luath nó Nua nó an dá cheann, nó í a léamh maraon le réimse eile ábhar, ba cheart duit smaoineamh ar theacht ag staidéar anseo linne i gColáiste na Tríonóide.

Tá Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteach beag, cairdiúil mar roinn - cuireann an fhoireann agus na mic léin an-aithne ar a chéile i gcaitheamh an tréimhse staidéir, agus bíonn na léachtóirí sásta i gcónaí rudaí a phlé leis na mic léinn..

Tá clú agus cáil idirnáisiúnta ar Roinn na Gaeilge ó thaobh teagaisc agus taighde de. Cúrsa ceithre bliana atá ann a mhúintear trí mheán na Gaeilge i gcás na Nua-Ghaeilge, agus trí mheán an Bhéarla i gcás na Luath-Ghaeilge, agus clúdaítear gach gné de litríocht na Gaeilge agus den teanga.

Cuid lárnach de chúrsa na Nua-Ghaeilge staidéar a dhéanamh ar Ghaidhlig na hAlban, agus beidh deis agat cuairt a thabhairt ar Shabhal Mòr Ostaigh ar an Eilean Sgeithanach. Bíonn deis ag mic léinn Luath-Ghaeilge staidéar a dhéanamh thar lear ar feadh leath-bhliana in Aberystwyth.

An Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn is láidre sa Choláiste, agus ritear iliomad ócáidí agus imeachtaí i gcaitheamh na bliana, faoi mar a dhéanann Oifigeach na Gaeilge chomh maith, rud a chiallaíonn nach amháin gur dúshlán spéisiúil acadúil atá i staidéar na Gaeilge anseo, ach go bhfuil deiseanna chun spraoi ann chomh maith céanna. Agus b'fhiú súil a chaitheamh ar shuíomh na Gaeloifige le breathnú ar na rudaí éagsúla, an Scéim Chónaithe go háirithe - scéim ina mbronntar deontas ar ghrúpa áirithe mac léinn ar mian leo maireachtáil i nGaeltacht bheag an Choláiste.

Tá Coláiste na Tríonóide é féin lonnaithe i gcroílár na cathrach, agus acmhainní Gaeilge ar nós Gael Linn, Conradh na Gaeilge, An Siopa Leabhar taobh amuigh den gheata, acmhainní eile taighde freisin ar nós an Leabharlann Náisiúnta agus an tAcadamh, gan trácht ar gach acmhainn eile a mbeifí ag súil leis i gcampas suite i gceartlár na príomhchathrach, ar nós na siopaí ar Shráid Ghrafton agus áiteanna deasa le béile a chaitheamh.