Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



You are here Payroll Services

revenue

Important Notice for PAYE Customers: Enhancement of our PAYE Service in myAccount

 

**This Notice is also available on the Revenue website in the News section**

Revenue is further enhancing our online services for PAYE customers to make it quicker, easier and more convenient for you to manage your tax.

You can now access the various PAYE services including PAYE Anytime, Form 12 and the 'Jobs and Pensions' service from the new PAYE Services card in myAccount.

PAYE Services allows you to quickly and easily claim tax credits, declare income, claim refunds, submit a tax return and tell us about a new job or private pension and you will have access to these services from all smart devices like mobile phone, tablet etc.

To claim credits, declare income or divide your tax credits and rate bands for 2017, you should go to the 'Manage your tax 2017' link on the new PAYE Services card.

If you want to claim credits or refunds for previous years, click on 'Review your tax 2013-2016 (Form 12)'. If you are unable to access the Form 12 you should continue to use PAYE Anytime.

During 2017, we will be replacing our PAYE Anytime service and we will update you again when that happens.

RevApp

Revenue recently launched a new mobile application called RevApp and it is available to download free from the Apple, Google or Windows Store. This app will help you manage your tax affairs on the go. RevApp provides you with quick and easy mobile access to myAccount, MyEnquiries, Calculators and Tools and Receipts Tracker.

Receipts Tracker is a new service that allows you to record and manage receipts for your expenses including health expenses. It also provides the option for you to upload your receipts information and images to Revenue storage. If the image of the receipt is clear, readable and complete, you do not have to keep the original receipt.

Further information on myAccount, RevApp and the Receipts Tracker can be found on our website.

Kathleen Redmond
Planning Division
Revenue Commissioners

Revenue

**Tá an Fógra seo ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim sa rannán Nuacht**

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag déanamh tuilleadh feabhsuithe ar ár seirbhísí ar líne do chustaiméirí PAYE chun é a dhéanamh níos tapúla, níos éasca agus níos áisiúla duit do cháin a bhainistiú.

Is féidir leat rochtain a fháil anois ar na seirbhísí PAYE éagsúla lena n-áirítear PAYE Aon tráth, aon lá, Foirm 12 agus an tseirbhís 'Poist agus Pinsin' tríd an gcárta Seirbhísí PAYE nua i moChúrsaí.

Ligeann Seirbhísí PAYE duit creidmheasanna cánach a éileamh go tapa agus go héasca, ioncam a dhearbhú, aisíocaíochtaí a éileamh, tuairisceán cánach a chur isteach agus insint dúinn faoi phost nua nó pinsean príobháideach agus beidh rochtain agat ar na seirbhísí seo ó gach gléas cliste cosúil le fón póca, táibléad srl.

Chun creidmheasanna a éileamh, ioncam a dhearbhú nó do chreidmheasanna cánach agus bandaí ráta le haghaidh 2017 a roinnt, ba chóir duit dul go dtí an nasc 'Bainistigh do Cháin 2017' ar an gcárta Seirbhísí PAYE nua.

Más mian leat creidmheasanna nó aisíocaíochtaí do bhlianta roimhe seo a éileamh, cliceáil ar 'Athbhreithnigh do cháin 2013-2016 (Foirm 12)'. Mura bhfuil tú in ann an Fhoirm 12 a rochtain ba chóir duit leanúint ar aghaidh ag úsáid PAYE Aon tráth, aon lá.

I rith 2017, beimid ag athsholáthar ár seirbhíse PAYE Aon tráth, aon lá agus cuirfimid ar an eolas tú nuair a tharlaíonn sé sin.

RevApp

Tá aip nua mhóibíleach lainseáilte le déanaí ag na Coimisinéirí Ioncaim darb ainm RevApp agus tá sí ar fáil le híoslódáil saor in aisce ó Stór Apple, Google nó Windows. Cabhróidh an aip seo leat do chúrsaí cánach a bhainistiú agus tú ag gluaiseacht. Soláthraíonn RevApp rochtain mhóibíleach thapa agus éasca duit ar moChúrsaí, M'Fhiosruithe, Áireamháin agus Uirlisí agus Rianaire Admhálacha.

Is seirbhís nua í Rianaire Admhálacha a ligeann duit admhálacha i dtaca le do chostais, lena n-áirítear costais sláinte, a thaifeadadh agus a bhainistiú. Soláthraíonn sé an rogha duit freisin eolas faoi d'admhálacha agus íomhánna a uaslódáil chuig stóráil na gCoimisinéirí Ioncaim. Má tá an íomhá den admháil soiléir, so-léite agus iomlán, ní gá duit an admháil bhunaidh a choimeád.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi moChúrsaí, RevApp agus an Rianaire Admhálacha ar ár suíomh gréasáin.

Kathleen Redmond
An Rannán Pleanála
Na Coimisinéirí Ioncaim