Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Stair na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide

Tá áit lárnach ag an nGaeilge i gColáiste na Tríonóide, ó aimsir William Bedell, a chuir Gaeilge ar an Sean-Tiomna sa 17ú haois, ar aghaidh. Bhí Dubhglas de hÍde  ina mhac léinn anseo. Bunaíodh Cathaoir na Gaeilge in 1840. Ina measc siúd a ghlac seilbh ar an bpost sin, bhí an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain (1969-'70). Tá cóipeanna micreascannáin de Bhailiúchán Choimisiúin Beáloideas Éireann ar coimeád i Roinn na Gaeilge sa Choláiste.

Roinnt dátaí tábhachtacha

1592- bunú an Choláiste ag an mBanríon Eilís I
1627 William Bedell mar Phropast sa Choláiste
1840 bunú Chathaoir na Gaeilge
1908 bunú an Chumainn Ghaelaigh
1919 Tomás Ó Rathaille ina Ollamh le Gaeilge
1928 Eleanor Knott ar fhoireann teagaisc
1956 Mairtín Ó Cadhain ceaptha mar léachtóir sa Nua-Ghaeilge


Foinse: Gaeilge i gColáiste na Tríonóide (Ó Glaisne, 1992)

 


Nuashonraithe 21 1 2016 ag .