Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Micléinn agus an teanga

An Cumann Gaelach

Tá an Cumann Gaelach ar ceann de na cumainn mac léinn is mó i gColáiste na Tríonóide. Bunaíodh an cumann sa bhliain 1908 agus bhí neart pearsanra stairiúla bainteach leis tríd na blianta.

Eagraíonn an Cumann neart imeachtaí sóisialta agus cultúrtha i rith na bliana, ar nós díospóireachtaí, léachtaí/cainteanna poiblí, seisiúin ceoil agus amhránaíochta, ranganna damhsa agus eile. Tugann an Cumann turas ar Oireachtas na Gaeilge gach bliain. Eagraíonn an Cumann ciorcal comhrá gach oíche Mhairt i rith an téarma i Seomra na Gaeilge, agus glacann na baill pairt in oíche na mac léinn i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shraid Fhearchair an oíche chéanna. Buaicphoiuste na bliana ná Éigse na Tríonóide, mór-fhéile bhliantúil theanga agus chultúrtha, a reáchtaltar i gcomhar le hOifig na Gaeilge.

Tá ballraíocht sa Chumann oscailte do gach ball de phobal an Cholaiste, agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar a shuíomh gréasáin www.cumann.ie

An Cumann Gaelach

An Cumann

 

Lógó an Chumainn


Nuashonraithe 21 1 2016 ag .