Fáilte an Phropaist

A Chairde,
Tá Coláiste na Tríonóide an-mhórtasach as a thraidisiún fada saothair i dtaobh na Gaeilge. Téann ár naisc leis an teanga siar go William Bedell, Propast an Choláiste agus Easpag Kilmore sa 17ú aois a chur dlús leis an gcéad aistriúchán cuimsitheach go Gaeilge ar an Sean-Tiomna. Bhí Dúbhghlas de hÍde, bunaitheoir Chonradh na Gaeilge, céad Uachtarán na hÉireann agus scoláire mór Gaeilge, ina mhac léinn anseo. Bhí Máirtín Ó Cadhain ina Ollamh i Scoil na Gaeilge.
Tá Coláiste na Tríonóide tiomanta an Ghaeilge a lonnú i gcroílár ár ngníomhaíochtaí agus de réir an traidisiúin ar leith atá againn cheapamar i gcónaí an teanga a chur chun cinn ar bhealach uile-chuimsitheach.
Táimid an-mhórtasach as na scéimeanna cónaithe Gaeilge ar an gcampas, ina bhfuil cónaí ar mhic léinn i seomraí ar í an Ghaeilge an teanga cumarsáide iontu. In 2012-2013 beidh 30 mac léinn rannpháirteach sna scéimeanna cónaithe – an scéim chónaithe is mó dá leithéid in aon ollscoil in Éirinn. Cuireann an Cumann Gaelach clár bríomhar imeachtaí sóisialta ar fáil do bhaill agus is léiriú praiticiúil iad na ranganna Gaeilge saor in aisce, agus na seirbhísí eile a chuirtear ar fáil do bhaill foirne agus do mhic léinn ag Oifig na Gaeilge, ar an tacaíocht a thugtar don teanga anseo.
Tá an-áthas orm, mar Phropast, a fhógairt go mbeidh oscailt Sheomra na Gaeilge- spás sóisialta i gcroílár an champais do lucht labhartha na Gaeilge- mar bhuaicphointe na bliana seo. Molaim do gach mac léinn agus gach ball foirne le spéis acu sa teanga lán-úsáid a bhaint as an Seomra agus a chuid áiseanna.
Tá súil agam sa bhliain atá ag teacht go mbeidh tusa freisin ábalta leas a bhaint as na deiseanna sóisialta, cultúrtha agus oideachais atá ar fáil anseo i gColáiste na Tríonóide chun sult a bhaint as an Ghaeilge, gné ar leith dár gcéannacht náisiúnta.
Patrick Prendergast,
Propast