Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Fáilte an Phropaist

Patrick Prendergast, Propast

A Chairde,

Tá tradisiún fada i dtaobh na Gaeilge ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Ba é William Bedell, Propast an Choláiste agus Easpag Kilmore sa 17ú aois a chur dlús leis an gcéad aistriúchán cuimsitheach go Gaeilge ar an Sean-Tiomna. Bhí Dubhghlas de hÍde, bunaitheoir Chonradh na Gaeilge, agus scoláire mór Gaeilge, ina mhac léinn anseo. Bhí duine de mhórscríbhneoirí cruthaitheacha na Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain, ina Ollamh i Scoil na Gaeilge.

I bPlean Straitéiseach 2009-2014 an Choláiste, tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath tiomanta “cur le próifíl Choláiste na Tríonóide mar ionad gníomhaíochta cultúir agus acadúil i nGaeilge”. Is mian linn go mbeadh an Ghaeilge i gcroílár ár ngníomhaíochtaí agus de réir an traidisiúin ar leith atá againn cheapamar i gcónaí an teanga a chur chun cinn ar bhealach uile-chuimsitheach. Is sampla de sin na seirbhísí Caitliceacha agus Anglacánacha i nGaeilge a chuirtear ar fáil le linn Éigse na Tríonóide, chomh maith le himeachtaí tuata eile. Seo í an dara bliain den Scéim Teanga trí bliana – cáipéis ina leagtar amach na seirbhísí dhá-theangacha a bheidh le cur ar fáil i réimsí éagsúla an Choláiste.

Chomh maith le bheith ar an teanga dhúchais scríofa is sine san Eoraip, a bhfuil oidhreacht shaibhir litríochta ag baint léi, is teanga mheasartha agus dhinimiciúil í an Ghaeilge sa 21ú aois. Táimid an-mhórtasach as na scéimeanna cónaithe Gaeilge ar an gcampas, ina bhfuil cónaí ar mhic léinn i seomraí ar í an Ghaeilge an teanga cumarsáide iontu. In 2011-2012 beidh 34 mac léinn rannpháirteach sna scéimeanna cónaithe – an scéim chónaithe is mó dá leithéid in aon ollscoil in Éirinn. Cuireann an Cumann Gaelach clár bríomhar imeachtaí sóisialta ar fáil do bhaill agus is léiriú iad na ranganna Gaeilge saor in aisce a chuireann Oifig na Gaeilge ar fáil don fhoireann agus do mhic an tacaíocht a thugtar don teanga anseo. I mbliana cuirfear tús le Gradaim na Gaeilge, TCD: Searmanas le haitheantas a thabhairt don méid a bheadh bainte amach ag foireann agus ag mic léinn Choláiste na Tríonóide i dtaobh na Gaeilge.

Tá sé socraithe agamsa mé féin, is mé i mo Phropast, nach mór domsa feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge agus lá éigin tá súil agam a bheith ábalta litir mar an ceann seo a scríobh i nGaeilge.  Tá súil agam sa bhliain atá ag teacht go mbeidh tusa freisin ábalta leas a bhaint as na deiseanna ar fad atá ar fáil anseo ar an gcampas chun blaiseadh de ghné ar leith dár gcéannacht náisiúnta, gné nach bhfuil a shamhail eile ann.

Patrick Prendergast,
Propast


Nuashonraithe 26 1 2012 ag Aonghus Dwane (Ríomhphost).