Éigse na Tríonóide 2011: An fhéile!

Tá seachtain ildánach spleodrach i ndán dúinn i mbliana i gcroílár na hardchathrach, in Éigse na Tríonóide 2011 (féile bhliantúil Ghaeilge TCD). Beidh TCD i mbun na hÉigse an tseachtain seo chugainn (Luan 31 Eanáir-Aoine 4 Feabhra).
Seolfar an Éigse ag 2.00in Dé Luain le grianghraf ina mbeidh pobal Gaeilge an Choláiste bailithe ar an gCearnóg Thosaigh, agus iad ag léiriú beocht na teanga anseo agus gléasta i t-léintí glasa feiceálacha! Beidh réalt TG4 Máirtín Tom Sheáinín inár láthair ag 6.00 nuair a chuirfear tús oifigiúil leis an Éigse le fáiltiú fíona agus neart ceoil ón Tradsoc! Beidh Máirtín ag bronnadh Fáinní ar chainteoirí de gach leibhéal ag an ócáid.
Ar an Mháirt (Lá Fhéile Bríde), beidh Aifreann Córúil i nGaeilge i Séipéal an Choláiste le Cór an Chumainn Ghaelaigh ag 1.15in. Ina dhiaidh sin, beidh Díospóireacht na hÉigse leis an “Phil”- an rún a bheidh os comhair an tí ná: “Ní bealach éifeachtach é mórshiúl le hagóid a dhéanamh”- téama tráthúil is cinnte! Beidh “Open Mike” i dteach tábhairne Pheadar Kearney istoíche.
Ar an gCéadaoin, beidh Maidin Chaife do phobal na Gaeilge san Bhutrach ó 10.00-11.30rn, agus reáchtálfar Lá speisialta d’Fhoghlaimeoirí (le seisiún mór do ghlanthosaitheoirí ag 1.00in).
Ar an Déardaoin, thig leat Turas Stairiúil thart ar an gcampas a dhéanamh ag 2.00in (bailigh le chéile ag céimeanna an tséipéil). Ag 5.15in, beidh seirbhís d’Urnaí na Nóna canta i nGaeilge sa séipéal. Beidh Gig Mór na hÉigse ar siúl san Village ó 9.00in ar aghaidh le bannaí ceoil den chéad scoth agus craic dochreidte! Tá fáilte roimh chách, agus táthar le slua mór bríomhar a fheiceáil ag an ócáid chéanna- deis mhaith chun lucht TCD a fheiceáil agus iad i mbun scléipe!
Ar an Aoine, tiocfaidh laoch mór Chumann Lúthchleas Gael agus na Gaeilge, Micheál Ó Muircheartaigh, chuig TCD le tráchtaireacht bheo a dhéanamh ar chluiche peile Gaelach idir TCD agus UCD ag 2.00in: beidh an iomaíocht sin an-ghéar, is cinnte!
Cuirfear clabhsúr cuí le himeachtaí na hÉigse le ceol agus craic i dtabhairne an Choláiste, an Pav, ó 3.30in ar aghaidh, le ceol bríomhar agus scéaltaí na seachtaine á gcíoradh ag an gcomhluadar!
Mar sin, a chairde, bígí linn d’Éigse na Tríonóide- mar a deir an seanfhocal: “Ní neart go cur le chéile”. Tá gach eolas ar Facebook an Cumann Gaelach agus ar shuíomh Oifig na Gaeilge ag www.tcd.ie/gaeloifig.
EOLAS
An Cumann Gaelach
Rphost: coiste@cumann.ie Fóin Póca: 085 7088638 agus 085 7178597
Oifigeach na Gaeilge Fón 896 3652 Póca: 087 6232841 www.tcd.ie/gaeloifig