Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Baile

An Rannóg Seirbhísí Airgeadais

Féachann an Rannóg Seirbhísí Airgeadais (FSD) le dea-chomhairle faoi chúrsaí airgeadais a chur ar fáil maidir le réimsí feidhme uile na hOllscoile.  Cuirtear an t-eolas bainistíochta is gá ar fáil chomh maith chun bonn treise a chur faoi phróiseas na gcinntí i gColáiste na Tríonóide.  Cuireann an Rannóg FSD bearta rialála airgeadais i bhfeidhm chomh maith d'fhonn sócmhainní na hOllscoile a chaomhnú agus seirbhís chúnta atá luath, críochnúil, éifeachtach agus cóiriúil don lucht úsáide a chur ar fáil do mhuintir Choláiste na Tríonóide.
Tá an Príomh-Oifigeach Airgeadais, an mheitheal ardbhainistíochta agus baill foirne FSD freagrach as gnóthaí airgeadais uile Choláiste na Tríonóide, lena n-áirítear an tuairiscíocht reachtúil leis an mBord, rialáil airgeadais, na ráitis airgeadais bhliantúla, pleanáil straitéiseach maidir le cúrsaí airgeadais agus ionracas chórais airgeadais na hOllscoile.

Tá an Rannóg FSD lonnaithe taobh amuigh den champas ar Fhaiche an Choláiste.  Tá an rannóg freagrach as gnáthbhearta airgeadais uile Choláiste na Tríonóide, lena n-áirítear:

  • Cuntais Iníoctha
    • Déantar fónamh do sholáthraithe agus do cheannaitheoirí trí shonraisc a íoc go tráthúil, ceisteanna a bheadh ag soláthraithe a réiteach agus déileáil le gach ní a bhaineann le sonraisc ó sholáthraithe, lena n-áirítear cáin, réiteach cuntas agus íoc pras.  Arna dhéanamh sin dúinn, cuidítear le Coláiste na Tríonóide dea-chlú maidir le híoc pras cuntas agus sárbhainistíocht i leith sholáthraithe a chothú, rud a dtagann costas níos ísle, lascaine níos fearr agus dea-chaidreamh idir soláthraithe agus ceannaitheoirí de thoradh air.
  • Cuntais Fála
    • Déantar fónamh don Ollscoil agus dá cuid féichiúnaithe trí chóras lárnach a chur ar fáil don taifeadadh agus don mhonatóireacht maidir le hioncam agus fiachas agus a chinntiú go ndéantar de réir choinníollacha na hOllscoile agus na reachtaíochta ionas go dtarlaíonn admháil luath-thráthúil chruinn ar íocaíochtaí a fhaightear.
  • An Príomh-Oifigeach Airgeadais - Meitheal Riaracháin
    • Cuidítear leis an bPríomh-Oifigeach Airgeadais agus leis an Meitheal Ardbhainistíochta trí sheirbhís riaracháin atá éifeachtach gairmiúil a chur ar fáil chomh maith le córas caidrimh atá dírithe ar an gcustaiméir leis na geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha go léir ar gach leibhéal.  Arna dhéanamh sin dúinn, cuirtear ar chumas na meithle an tairbhe is fearr a ghnóthú óna gcuid ama ionas go gcuirtear bonn treise faoin bhfeabhsú agus faoin bhforbairt maidir le gnéithe airgeadais de Phlean Straitéiseach na hOllscoile.
  • Páirtnéirí Airgeadais
    • Cuidítear le faisnéis airgeadais thráthúil chruinn a bheith ar fáil maidir le cinntí straitéise agus oibriúcháin a dhéanamh (pleanáil airgeadais/leithroinnt acmhainní san áireamh) agus coinníollacha maidir le tuairiscíocht sheachtrach a chomhlíonadh, an tráth céanna a gcinntítear go ndéantar de réir pholasaithe an Choláiste agus de réir na mbearta rialála ar leibhéal na Dáimhe agus na Rannóige.
  • Córais Faisnéise Airgeadais
    • Féachtar le córas faisnéise airgeadais den scoth a chur ar fáil a fhreastalaíonn don riachtanas maidir le gach réimse léinn, riaracháin, seirbhíse agus tacaíochta i gColáiste na Tríonóide.  Beidh an córas airgeadais ina chabhair ag an Ollscoil maidir le tuairiscíocht airgeadais atá cruinn, tráthúil agus oiriúnacha a chur ar fáil de réir mar a éilíonn na geallsealbhóirí agus maidir le bainistíocht airgeadais chríochnúil a chinntiú. Arna dhéanamh sin dúinn, cuidítear le Coláiste na Tríonóide na haidhmeanna straitéise a bhaint amach, lena n-áirítear costais a laghdú, feabhas ar bhearta maidir le dea-chaighdeán a chinntiú agus bainistíocht a dhéanamh maidir le hábhar baoil.
  • Cuntasaíocht Airgeadais & Bainistíochta
    • Cinntítear go sásaíonn an Ollscoil na coinníollacha maidir le tuairiscíocht reachtúil go tráthúil trí mhiontuairiscíocht airgeadais; cuirtear follasacht iomlán ar fáil do na geallsealbhóirí maidir le riocht airgeadais na hOllscoile agus le húsáid bharainneach éifeachtach as airgead ón Státchise de réir na dtreoirlínte maidir le sárchleachtas airgeadais. Arna dhéanamh sin dúinn, cuidítear le Coláiste na Tríonóide inmharthanacht airgeadais a bhaint amach sa chaoi is go gcuirtear bonn daingean faoin bhforbairt agus faoin bhforás fadtéarmach.
  • Pleanáil Airgeadais & Bainistíocht Priacail
    • Déantar fónamh don Ollscoil agus do gheallsealbhóirí seachtracha trí fhaisnéis airgeadais atá tráthúil, cruinn, oiriúnach a sholáthar ionas go mbíonn an fhaisnéis is gá ar fáil maidir le cinntí faoi chúrsaí straitéise agus oibriúcháin a dhéanamh.  Cuirtear bonn faoi chóras eacnamaíochta Choláiste na Tríonóide trí fhaisnéis a chur ar fáil don phleanáil airgeadais agus don réamh-mheastachán a shásóidh an gá atá ag an Ollscoil le forás agus le hinmharthanacht airgeadais.
  • Soláthar
    • Déantar fónamh do Choláiste na Tríonóide trí riachtanais soláthair na foirne, na mac léinn, na gcuairteoirí, na ndeontóirí agus na soláthraithe a thuiscint, a bhainistiú agus a shásamh ar bhealach a oireann don chomharobair, atá inmharthanach agus a bhfuil feabhas á chur air seasta.  Arna dhéanamh sin dúinn, cuidítear leis an Ollscoil costas a laghdú agus ábhar baoil a mhaolú an tráth céanna a gcothaítear breisluach agus a gcinntítear gnóthachtáil níos fearr ó na sócmhainní agus na hacmhainní atá ar fáil sa chaoi agus go dtugtar i gcrích an aisling agus na bearta a leagtar amach i bPlean Straitéiseach Choláiste na Tríonóide.
  • Cuntasaíocht Tionscadail
    • Oibrítear in éineacht leis na Príomhscrúdaitheoirí (PI), Urraithe Tionscadail agus Bainisteoirí Tionscadail d'fhonn seirbhís ghairmiúil bainistíochta, mar is dual d'Ollscoil chlúiteach atá dírithe ar an taighde, a chur ar fáil maidir le tionscadail taighde agus tionscadail caipitil araon tar éis a gceadaithe. Is é ról atá againn:
      • Cuidiú leis an PI Agus le hUrraithe an Tionscadail maidir bainistíocht chríochnúil iontaofa ar ghnóthaí deontais ag teacht leis an sárchleachtas go hidirnáisiúnta.
      • Tuairiscíocht chruinn thráthúil a chur ar fáil go hinmheánach agus do na geallsealbhóirí seachtracha.
      • Oibriú mar chrann seasta éifeachtúil thar ceann an PI le Gníomhaireachtaí Cistíochta i ndáil le gnóthaí airgeadais agus conartha ó cheadaítear an tionscadal.
      • An t-ualach riaracháin ar an PI a mhaolú agus cuidiú le Coláiste na Tríonóide maidir leis an gcuspóir a bheith ina Ollscoil a bhfuil tábhacht léi ar fud an domhain.
  • Breithmheas Tionscadail
    • Déantar fónamh do lucht na hOllscoile agus do na geallsealbhóirí seachtracha trí bhreithmheas tionscadail a dhéanamh go tráthúil, cruinn, pointeáilte agus an fhaisnéis measúnóireachta is gá maidir le cinntí straitéise agus oibriúcháin a dhéanamh a chur ar fáil.  Cuirtear cúnamh taca ar fáil d'urraitheoirí tionscadail agus do gheallsealbhóirí trí chórais a fhorbairt agus faisnéis a thiomsú don mheasúnóireacht agus don tuairiscíocht.  Cuirtear seirbhís maoirseoireachta ar fáil don mhonatóireacht ar thionscadail.  Cuirtear cúnamh taca ar fáil freisin i ndáil le cásanna gnó a cheadú maidir leis an nGrúpa Pleanála, Oifigigh Feidhmiúcháin, an Coiste Airgeadais agus an Bord agus déantar roghanna maidir le cistíocht sheachtrach i ndáil le Plean Straitéiseach Choláiste na Tríonóide a mheas.
  • Cánachas
    • Cinntíonn an tOifigeach Cánachais go sonrach go gcuirtear an sárchleachtas maidir le cúrsaí cánachais i bhfeidhm ionas gur cás eiseamláireach an Ollscoil maidir le dlí an chánachais a chomhlíonadh, an tráth céanna a gcuirtear an t-eolas is gá maidir le cúrsaí cánach ar fáil i ndáil le cinntí straitéise agus oibriúcháin a dhéanamh.

Back to Top