Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Mapa Suímh

Déan na Mac Léinn

Dean na Mac Leinn

Is í an Dr Amanda Piesse Déan na Mac Léinn agus díríonn sí ar bheartais a chuireann le taithí na mac léinn sa choláiste a fhorbairt agus a chomhordú.   Bhí an Dr Piesse ina léachtóir in Ollscoil Durham sular tháinig sí ag obair i Scoil an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide i 1996.  I gColáiste St John in Oxford a bhain sí a bunchéim agus a hiarchéim amach.   I 2003, fuair sí ardú céime ina léachtóir sinsearach, toghadh ina Comhalta í agus bhuaigh Dámhachtain Teagaisc an Phropaist.

Tá sí ina Teagascóir sa Choláiste ó 1996 agus d’fhóin roimhe sin ar an gCoiste Staidéir Iarchéime [1999-2002], bhí sí ina hionadaí sóisearach ar an gComhairle [2000-2002], ina hionadaí Comhaltachta ar an mBord [2005-10], ina Cathaoirleach ar Choiste Seirbhísí na Mac Léinn [2007-10] agus ar Rúnaí na gComhaltaí [2004-6]. Nua-dhrámaí nua-aimseartha agus litríocht do leanaí a hábhair spéise go hacadúil agus tá sí ina comhstiúrthóir ar an M Phil nua i Litríocht do Leanaí i Scoil an Bhéarla. I measc ábhar eile a bhfuil spéis aici iontu tá an rith (rith sí maratón Chathair Bhaile Átha Cliath i 2009 mar chuid den tionscnamh Trinity Takes To The Streets le hairgead a bhailiú do Chiste na Mac Léinn i gCruatan), ag gabháil fhoinn (chas sí go minic le roinnt cór lena n-áirítear Ceolfhoireann Fhiolarmónach RTÉ) agus an amharclann (tá sí ina huachtarán ar chumann DU Players ó 2004).  Rinne a mac Arthur céim sa mhatamaitic i gColáiste na Tríonóide i 2005-9, agus tá a hiníon ag iarraidh a theacht anseo le staidéar a dhéanamh ar Bhéarla amach anseo.

Link to News Page


Nuashonraithe 30 August 2012 Déan na Mac Leinn (Ríomhphost).