An Scoil Drámaíochta, Scannánaíochta agus Ceoil
Is é aidhm na Scoile Drámaíochta, Scannánaíochta agus Ceoil a bheith ar an bpríomh-lárionad do thaighde agus do theagasc na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus an Cheoil in Éirinn. Cuirtear teagasc taighde-bhunaithe i ngach ceann de na trí dhisciplín ar fáil sa Scoil do phobal idirnáisiúnta mac léinn ag leibhéal fochéime agus iarchéime. Tá sé mar aidhm léi Lárionad Ealaíon Samuel Beckett a bhunú, ina mbeidh amharclann, pictiúrlann agus ionad chun ceol comhaimseartha a sheinm, chomh maith le haitheantas corparáideach a thabhairt don Scoil, leis na gníomhaíochtaí go léir a dhéanamh idirdhisciplíneach. Tá sé mar aidhm Saotharlann Taighde Teicneolaíochta na nEalaíon a fhorbairt mar shaoráid nua-aimseartha agus taighde cleachtadh-bhunaithe sa trí dhisciplín a chur chun cinn.
Tá an Scoil Drámaíochta, Scannánaíochta agus Ceoil comhdhéanta de thrí roinn agus tá clú agus cáil uirthi go hidirnáisiúnta as a cuid gníomhaíochtaí taighde agus an méid atá bainte amach aici. Tá obair thaighde na Scoile ag teacht leis na gníomhaíochtaí taighde is airde go hidirnáisiúnta. Tá níos mó ná cúig mhonagraf is fichead, nó bailiúchán a bhfuil eagarthóireacht déanta ag baill foirne orthu, foilsithe ag na foilsitheoirí acadúla is fearr le dhá bhliain anuas. Trí phríomhchuspóir atá mar threoir ag gníomhaíochtaí taighde na Scoile:
- Éire & na hEalaíona
- Domhandú & na hEalaíona
- Teicneolaíocht & na hEalaíona
Ranna faoi Leith:
Tá roinnt cúrsaí fochéime ar fáil sa Scoil, lena n-áirítear:
- BA i Léann na Drámaíochta agus na hAmharclannaíochta
- BA i Léann na Drámaíochta agus ábhar eile
- Baitsiléir san Aisteoireacht
- BA i Léann na Scannánaíochta agus ábhar eile
- BA sa Cheol
Tá roinnt cúrsaí iarchéime ar fáil sa Scoil, lena n-áirítear:
- M.Phil. in Amharclannaíocht agus Taibhiú
- Céim Taighde Ph.D san Fhealsúnacht
- M.Phil./Dioplóma Iarchéime i Léann na Scannánaíochta - Teoiric, Stair, Cleachtas
- Céimeanna Taighde M.Litt agus Ph.D. i Léann na Scannánaíochta
- M.Phil. i gCumadóireacht Ceoil
- Céimeann Taighde M.Litt agus Ph.D Research sa Cheol
- M.Litt agus Ph.D i gCumadóireacht Ceoil
- M.Phil i gCeol agus i dTeicneolaíochtaí na Meán
- Ph.D. i dTeicneolaíochtaí na nEalaíon Digiteach

