Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Baile

Roinn na gClasaicí

Is ábhar ildisciplíne iad na Clasaicí, ar ndóigh, a chuimsíonn staidéar ar theanga, litríocht, fealsúnacht, stair, stair ealaíne agus seandálaíocht na Gréige agus na Róimhe. Roinn bheag agus chairdiúil sinn agus táimid tiomanta don scoth i dteagasc agus i dtaighde. Is múinteoirí díograiseacha iad ár mball foirne agus tá clú agus cáil orthu ina réimsí taighde féin. Is sinne an t-aon Ollscoil in Éirinn a bhfuil Ollúnachtaí ar leithligh againn i Laidin agus i Sean-Ghréigis, chomh maith le clár fochéime speisialaithe i Stair Ársa agus i Seandálaíocht.

Tá roinnt clár céime fochéime ar leithligh ar fáil sa Roinn. Réimsíonn siad sin ó dhlúthstaidéar ar Laidin agus ar Shean-Ghréigis (na Clasaicí traidisiúnta) go dtí staidéar ar stair ársa cheantar na Meánmhara, tríd an stair nó an tseandálaíocht go príomha, nó trí aistriúcháin ar litríocht, stair agus fealsúnacht ársa a léamh (Sibhialtacht Chlasaiceach).

Tugann ár máistreacht mhúinte sna Clasaicí deis do mhic léinn scileanna agus eolas nua a fháil, nó tuilleadh speisialaithe a dhéanamh i réimse sainspéise. Tá pobal idirnáisiúnta de mhic léinn taighde againn chomh maith le clár bríomhar seimineár, ceardlann agus léachtaí taighde i rith na bliana. Áirítear ar ár n-acmhainní spás staidéir tiomanta do mhic léinn agus seomra seimineáir fairsing dár gcuid féin.