Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Mapa Suímh

 

Fáilte chuig Scoil an Ghnó i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

 

Tá Coláiste na Tríonóide ar an gcoláiste is fearr in Éirinn lena bhfuil scoth an taighde agus an teagaisc ag baint leis le os cionn cheithre chéad bliain. Disciplín é Gnó atá fadbhunaithe sa Choláiste – bunaíodh an Scoil Tráchtála i 1925 agus athraíodh ansin í sna seascaidí go dtí Scoil an Ghnó. Tá aitheantas ag an Scoil inniu de bharr cláir chéime nuálacha agus ar leith a bheith ar fáil sa Scoil, go bhfuiltear tugtha do theagasc taighde-bhunaithe agus ó tharla fealsúnacht oideachais láidir teagaisc a bheith ag baint léi. Tá aithne mhór ar an Scoil go hidirnáisiúnta agus coinníonn ceangal le heagraíochtaí as Éirinn agus ar fud and domhain san earnáil phríobháideach, san earnáil phoiblí agus san earnáil dheonach.

Is é misean na Scoile ná oideachas a chur ar na fochéimithe, iar-chéimithe agus bainisteoirí a bhfuil taithí acu is cumasaí dá bhfuil ann, ag tabhairt inniúlacht disciplín den scoth dóibh i gcúrsaí bainistíochta chomh maith le tuiscint thábhachtach agus fhiosrach ar eagraíochtaí. Bainimid sin amach trí scoláirí ábalta a earcú agus a chothú a bhíonn rannpháirteach i dtaighde ar chaighdeán idirnáisiúnta a bhíonn mar bhonn taca le teagasc taighde-bhunaithe. Tá ceann de na pobail scoile gnó is fearr in Éirinn againn, atá comhdhéanta de mhic léinn, de dhámh, d’fhoireann agus de alumni na scoile.

Tá an láithreán gréasáin s’againne leagtha amach leis an eolas is déanaí agus is nua faoinár gcuid mac léinn, faoin dámh agus a gcuid clár a chur ar fáil duitse. Beimid sásta, áfach, aon eolas breise a bheadh uait a sholáthar agus/nó aon cheisteanna a bheadh fós agat a fhreagairt. Táimid le fáil ag business@tcd.ie nó 00 353 1 8962707.

An Dr Jim Quinn
Ceann na Scoile


Nuashonraithe 3 May 2013 business@tcd.ie.