Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Ealaín an Champais 2015

Robert Ballagh 'Triúr in éineacht le Jackson Pollock', 1973, aicrileach ar chanbhás

Cliceáil anseo chun beathaisnéis an ealaíontóra a fháil, pdf

Láthair: bainte le déanaí le haghaidh Cóireáil Caomhnaithe:

Láthair go dtí 2013: An halla isteach go dtí Leabharlann Lecky, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Robert Ballagh 'Three People with Jackson Pollock' (1973) acrylic on canvas

Blúirín Eolais:

Cuimhníonn an grianghrafadóir Patrick Brocklebank ar 1979 nuair a d'úsáid sé Áras 'nua' na nEalaíon agus na saothair ealaíne a bhí ansin mar chúlra chun grianghraif a thógáil don bhanna U2 a bhí ag teacht chun cinn ag an am. (tá ceann de na grianghraif thíos)

"I mí Feabhra 1979, d'iarr Bono orm seisiún grianghrafadóireachta a dhéanamh lena bhanna U2. Rinneamar socrú bualadh le chéile in Áras na nEalaíon i gColáiste na Tríonóide maidin Sathairn, an 10ú Feabhra. Nuair a bhuaileamar le chéile sa halla - ní raibh aon radharc ar Larry Mullen, an drumadóir. Dúirt Bono liom - 'níl Larry anseo ach d'iarramar ar Guggi teacht'. Bhí Guggi ar dhuine de phríomhcheoltóirí The Virgin Prunes - comhbanna le U2 a tháinig as an gceantar céanna i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. An tráthnóna sin bhí a gceolchoirm deiridh ag ceann d'iomaitheoirí U2, The Vipers, i gClub Oíche McGonagle's a bhí in aice le Sráid Grafton. Ag an ócáid sin tháinig Larry Mullen chugam agus dúirt sé: 'Chuala mé go ndearna tú seisiún grianghrafadóireachta ar maidin - bhuel níor dúradh dada liomsa faoi'. Bhí U2 Ián le smaointe agus gan aon drogall orthu rudaí nua a thriail. Bhí sé éasca oibriú leo rud nach bhféadfaí a rá faoi chuid de na bannaí eile a bhí thart ag an am. Is mar sin a tharla sé gur thóg mé na grianghraif agus pictiúr Ballagh sa chúlra. Foirgneamh nuathógtha a bhí in Áras na nEalaíon ag an am agus cuma nuálach air. Seans gur mar gheall air sin a roghnaigh Bono & Co é. Bhí baint ag an mbailiúchán ealaín chomhaimseartha a bhí ann leis an gcinneadh chomh maith. Ar ndóigh bhí eolas maith ag lucht U2 agus a gcairde ar an áit mar bhí árasán beag ag Richard, deartháir The Edge, is é sin Dave Evans, i gColáiste na Tríonóide. Bhí Richard in U2 ar dtús ach d'fhág sé i mí Márta 1978 chun The Virgin Prunes a thosú le Guggi and Gavin Friday."

Patrick Brocklebank's 1979 photograph of Bono and Guggi standing in front of Robert Ballagh's 'Three People with Jackson Pollock'

Grianghraf Patrick Brocklebank ó 1979 de Bono and Guggi agus iad ina seasamh os comhair phictiúr Robert Ballagh ‘Triúr in éineacht le Jackson Pollock'

An Chéad Saothar Ealaíne ar an Champas Eile

Ar ais go dtí leathanach baile Ealaín an Champais

 

 

 


Nuashonraithe 22 March 2017 catherine.giltrap@tcd.ie (Ríomhphost).