Léim go dtí an príomhábhar »

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath






Misean

Bíonn Coláiste na Tríonóide ag cur leis an traidisiún scoláireachta ceithre chéad bliain a bhaineann leis an gColáiste chun a áit ar cheann de na hollscoileanna is fearr ar domhan a choimeád. Cuireann an Coláiste timpeallacht liobrálach ar fáil, áit a mbíonn ardmheas ar smaointeoireacht neamhspleách agus ina gcothaítear baill foirne agus mic léinn mar dhaoine aonair agus ina spreagtar iad lena gcumas iomlán a bhaint amach.

Tá an Coláiste tiomanta don bharrfheabhas sa taighde agus sa teagasc araon, d’fheabhas a chur ar thaithí foghlama gach duine de na mic léinn agus do phobal uilechuimsitheach sa Choláiste ina bhfuil comhionannas rochtana do chách. Leanfaidh an Coláiste ag scaipeadh a chuid eolais agus saineolais chun leasa Chathair Bhaile Átha Cliath, na tíre agus an phobail idirnáisiúnta.


| webdes@tcd.ie | Last updated: Jun 14 2012