Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Eolas Ginealais

Eolas Ginealais

Is iomaí iarratas ar eolas ginealais a fhaigheann Coláiste na Tríonóide; ar an leathanach seo tá naisc chuig láithreáin ghréasáin agus acmhainní eile a b’fhéidir a bheadh  áisiúil do dhaoine a bhíonn ar thóir an eolais sin. (Ní chuireann an Coláiste cúrsaí ar ghinealas ná seirbhís taighde ginealais ginearálta ar fáil.)

Le heolas a fháil ar iar-mhic léinn an Choláiste, ba chóir féachaint ar an leabhar, Alumni Dublinenses (eagarthóirí George D Burtchaell agus Thomas U Sadleir, Baile Átha Cliath 1935),  chun teacht ar mhic léinn a d’freastail ar an gColáiste suas go dtí 1860. Maidir le blianta ina dhiaidh sin, is féidir fiosruithe bunaithe ar an eolas sna leabhair iontrála bhunaidh agus i gcatalóigí iarchéimithe foilsithe a dhíriú ar Library's Manuscripts Department ina bhfuil miontuairiscí an Choláiste.

Bheadh ar dhuine tabhairt faoi chuardach níos cuimsithí iad féin nó trí chuideachta ghairmiúil a úsáid, mar shampla Eneclann, cuideachta a bhfuil iarchéimithe de Scoil na Staire ag obair inti.

Naisc Ghaolmhara