Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Baile

Is éard atá i Zó-eolaíocht ná staidéar eolaíoch ar ríocht na n-ainmhithe, chomh maith leis an éabhlóid, an éagsúlacht agus an comhshaol a bhaineann léi. Cuireann zó-eolaíocht eolas bunúsach ar fáil ar thrí réimse dár sochaí : an comhshaol, táirgeadh bia agus sláinte an duine.

Is disciplín laistigh de Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha í Roinn na Zó-eolaíochta , chomh maith le Roinn na Luibheolaíochta, Roinn na Tíreolaíochta agus Roinn na Geolaíochta, Tá 9 lucht léinn lán-aimseartha i Roinn na Zó-eolaíochta chomh maith le 5 ball foirne tacaíochta, a chlúdaíonn raon leathan ábhar zó-eolaíochta, i gcomhar le foireann taca.

Cúrsaí agus teagasc

Reáchtálann Roinn na Zó-Eolaíochta an fhochéim Modhnóireacht (B.A. Mod) sa Zó-Eolaíocht agus bíonn rannpháirteach i mblianta deiridh cúrsaí san Eolaíocht an Chomhshaoil agus sa Néareolaíocht . Tríd an ngnáthiontráil Eolaíochta (TR071) is féidir iontráil a fháil ar na céimeanna sin.

Tá ról tábhachtach ag an Roinn sna céimeanna múinte Máistreacht in Eolaíocht an Chomhshaoil agus Máistreacht i mBithéagsúlacht agus i gCaomhnú.

Taighde

Tá raon taighdeoirí gníomhacha sa roinn a thugann aghaidh ar raon leathan ceisteanna zó-eolaíochta. Baineann ár gcuid taighde le bitheolaíocht orgánach agus le bitheolaíocht mhóilíneach/cheallach go príomha. Baintear leas as teicnící agus modhanna nuálacha chun imscrúdú a dhéanamh ar na hábhair sin agus táimid go maith chuig éiceolaíocht & bithéagsúlacht éiceachóras, éiceolaíocht éabhlóideach, seadeolaíocht agus bitheolaíocht forbarthach, ach go háirithe.