Oifig an Chisteora
Cuireann Oifig an Chisteora le forbairt, cur in iúl, cumarsáid agus athbhreithniú a dhéanamh ar straitéiseacha airgeadais an Choláiste. Chomh maith leis sin, tacaímid le príomhchuspóirí teagaisc agus taighde an Choláiste trí chomhairle airgeadais mhaith a chur ar fáil agus úsáid á baint as eolas bainistíochta, rud a thacaíonn leis an bpróiseas cinnteoireachta sa Choláiste. Ina theannta sin, cuirimid rialuithe airgeadais i bhfeidhm chun sócmhainní an Choláiste a chosaint agus chun seirbhís tacaíochta fhreagrúil, éifeachtach, éifeachtúil atá éasca le húsáid ar fáil, fad a chuirimid sláinte airgeadais an Choláiste go ginearálta chun cinn.
Tá Oifig an Chisteora lonnaithe lasmuigh den champas ar Fhaiche an Choláiste, fostaíonn sí 67 ball foirne agus tá sí freagrach as na hoibríochtaí airgeadais uile an Choláiste ó lá go lá, lena n-áirítear:
Cuntais Iníoctha
Tá an Rannóg Cuntais Iníoctha freagrach as gach sonrasc bailí a fhaigheann an Coláiste a phróiseáil agus a íoc (thart ar 6,500 sonrasc in aghaidh na míosa) agus as seiceanna agus airgead tirim a lóisteáil do gach rannóg sa Choláiste. Tá 14 ball foirne san fhoireann Cuntais Iníoctha faoi láthair agus tá siad freagrach as réimsí éagsúla, lena n-áirítear Creidiúnaithe Éireannacha agus Coigríche, Sonraisc Taighde, Riarachán Pcard, Imréitigh Bhainc agus Costais a Aisíoc.
Cuntais Infhaighte
Déanann an Rannóg Cuntais Infhaighte próiseáil ar ioncam seachtrach a chruthaíonn an Coláiste (ach amháin ioncam táillí agus ioncam taighde) agus cuireann tacaíocht ó thaobh rialú creidmheasa ar fáil don Choláiste trí ráitis, tuarascálacha ar fhiachas aosaithe agus litreacha meabhrúcháin.
Pleanáil agus Tuairisciú Airgeadais
Déanann an Rannóg Acmhainní Airgeadais idirbhearta airgeadais uile an Choláiste a charnadh sa Mhórleabhar Ginearálta agus cuireann an creat trína nasctar gach rannóg agus córas eile ar fáil, mar go dtéann gach idirbheart tríd an Mórleabhar Ginearálta.
Soláthar
Tá an Rannóg Soláthair freagrach as soláthar agus tairiscint earraí agus seirbhísí don Choláiste (ach amháin sna háiteanna atá faoi dhualgas Oifig an Stiúrthóra Foirgneamh) agus éascaíonn sí idirbheartaíocht socruithe maidir le hearraí agus seirbhísí a cheannach ag teacht leis na prionsabail Náisiúnta agus AE ar Sholáthar.
Riarachán Taighde
Bainistíonn an Rannóg Riaracháin Taighde raon leathan agus éagsúil deontas agus conarthaí taighde a dhéantar a mhaoiniú go seachtrach. Is éard atá i gceist leis sin riarachán a dhéanamh ar thart ar 1,750 cuntas taighde, a bhronntar ar os cionn 480 Príomh-Imscrúdaitheoir ó níos mó ná 100 Urraitheoir éagsúil, ar feadh gach Disciplíne, Scoile agus Institiúid Taighde na Tríonóide sa Choláiste.
Tuarastail agus Pá
Tá an Rannóg Tuarastal & Pá freagrach agus an bpárolla míosúil, seachtainiúil agus ócáideach don fhoireann go léir sa Choláiste.
Táillí Mac Léinn
Tá an Rannóg Táillí Mac Léinn freagrach as na táillí teagaisc agus eile go léir a chur amach agus a bhailiú, thart ar €99 milliún, ón Údarás um Ard-Oideachas, ó Údaráis Áitiúla, ó mhic léinn agus ó dhaoine eile.
Cánachas
Déileáileann an tOifigeach Cánachais leis na feidhmeanna leanúnacha de chomhairle chánach gnó a chur ar fáil do Dhámha agus Scoileanna, tuairisceáin chánacha a chur le chéile, taifid chánacha a choimeád, oiliúint a chur ar bhaill foirne, nochtadh do riosca agus deiseanna coigiltis a bhraith, tuairisciú inmheánach, idirchaidreamh a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim, athbhreithniú ar CBL ar chostais indíreacha agus scrúdú a dhéanamh ar chórais airgeadais.
Teagmháil
Féach anseo le haghaidh liosta teagmhálaithe na hOifige.
![]() |
![]() |
Information and Publicity guidelines for EU Structural Funds 2007-2013 (PDF)


