Misean na Seirbhíse Comhairleoireachta
Is é misean Sheirbhís Comhairleoireachta na Mac Léinn a chur ar chumas na mac léinn a gcuid neamhspleáchais, acmhainní agus scileanna a fhorbairt ionas go mbainfidh siad a lán acmhainneacht amach. Ag teacht le ráiteas misin an Choláiste, tá an tseirbhís comhairleoireachta tiomanta do thaithí foghlama na mac léinn a fheabhsú agus do na prionsabail uilechuimsitheachta agus éagsúlachta. Féachann sí lena chur ar chumas na mac léinn iad féin a lánpháirtiú i saol pobail an Choláiste agus a gcuid clár acadúil a chur i gcrích go rathúil. Féachann an tseirbhís le tacaíocht a thabhairt don fhoireann acadúil agus do bhaill foirne eile sa Choláiste ina gcuid iarrachtaí cabhrú le mic léinn.
Aidhmeanna na Seirbhíse Comhairleoireachta
Tá Seirbhís Comhairleoireachta na Mac Léinn tiomanta do thimpeallacht oiliúnach a chur ar fáil do mhic léinn agus don fhoireann. Déantar sár-iarracht freisin seirbhís de scoth a sholáthar maidir le taighde agus idirghabhálacha taighde-bhunaithe a chur ar fáil, seirbhís a bhíonn ag foghlaim i gcónaí agus a roinneann sárchleachtas. Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil i gcomhthéacs thiomantas an Choláiste do chomhdheiseanna agus do leathnú amach a dhéanamh ar an rochtain ar ardoideachas.
Bíonn cur chuige fadréimseach ag an tseirbhís maidir le tacú le folláine na mac léinn agus cuireann sí na seirbhísí seo a leanas ar fáil:
- Seirbhís Comhairleoireachta saor in aisce, ghairmiúil agus faoi rún do Mhic Léinn , lena n-áirítear roghanna chun comhairleoireacht duine-le-duine nó i ngrúpa a dhéanamh.
- Ceardlanna agus grúpaí áisiúla chun folláine na mac léinn a fheabhsú, e.g. déileáil le himní, bainistiú giúmair, déileáil le méala, cur le féin-mheas.
- Teiripí agus ábhair féin-chabhracha ar líne
- Seirbhís Forbartha Foghlama saor in aisce, ghairmiúil agus faoi rún do mhic léinn a chuireann comhairle, acmhainní, comhairliúcháin do dhaoine aonair, ceardlanna agus níos mó ar fáil, chun cabhrú le mic léinn a gcuid feidhmíochta acadúla a fheabhsú.
- Seirbhís meantóireachta agus tacaíochta piaraí, an tSeirbhís Student-2-Student (S2S), lena n-áirítear meantóireacht d’fhochéimithe nua agus do mhic léinn níos sinsearaí chomh maith.
Teagmháil Féach anseo le haghaidh liosta teagmhálaithe na hOifige.
