Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Ról agus Feidhmeanna.

Is é príomh-mhisean Oifig an Rúnaí ná na hoibleagáidí reachtúla agus dlíthiúla maidir le Bord an Choláiste agus Comhairle na hOllscoile a chomhlíonadh agus a chinntiú go bhfuil an Coláiste comhlíontach go dlíthiúil ar gach slí. Tá Oifig an Rúnaí freagrach chomh maith as cumarsáid agus feidhmeanna deartha gréasáin an Choláiste, agus as Cuid I d’Fhéilire na hOllscoile, Tuarascáil Bhliantúil an Choláiste agus as foilseacháin eile an Choláiste a tháirgeadh.

Secretary′s Office, TCD

Is iad príomhfheidhmeanna Oifig an Rúnaí ná rúnaíocht a chur ar fáil don Bhord, do Chomhairle na hOllscoile, agus d’Oifigigh Fheidhmiúcháin agus do phainéil/choistí smachtaithe foirne agus mic léinn; éisteachtaí Cuairteoirí a riar; agus toghcháin chuig an mBord a reáchtáil. Eagraíonn an oifig toghchán an Phropaist freisin. Chomh maith le tacaíocht riaracháin a chur ar fáil don Chláraitheoir, comhordaíonn an oifig seirbhísí dlí don Choláiste, cinntíonn sí comhlíonadh dlí agus reachtúil, déanann monatóireacht ar reachtaíocht atá ag teacht chun cinn thar ceann earnáil na hollscoile agus riarann na nósanna imeachta riachtanacha chun Cead na gComhaltaí a lorg maidir le hathrú Reachtúil molta agus le toghchán an Phropaist.

Déanann an oifig, i gcomhar le hOifig an Phropaist agus le hOifig an Phrocadóra, socruithe do shearmanais bhronnta céimeanna Oinigh. Déanann an oifig Dinnéar Bliantúil na Scoláirí a eagrú chomh maith le gach dinnéar searmanais a bhaineann le searmanais bhronnta céimeanna Oinigh.

Feidhmíonn na hoifigigh agus na réimsí seo a leanas laistigh d’Oifig Rúnaí an Choláiste chomh maith, agus is féidir cur síos mion a fháil ar a róil agus ar a bhfeidhmeanna ar a láithreáin gréasáin.