An Oifig Fhiosrúchán
Is oifig phoiblí í Oifig na bhFiosrúchán atá oscailte an lá ar fad chun eolas a chur ar fáil, cibé i bpearsa, tríd an teileafón nó trí ríomhphost, do phobal an Choláiste agus don phobal i gcoitinne. Is í an chéad pointe teagmhála í do go leor daoine, agus is iad turasóirí formhór na ndaoine seo, agus déileálann sí le réimse fiosrúchán ó cheisteanna faoi riachtanais iontrála, príomhdhátaí do ghníomhaíochta an Choláiste, treoracha chuig áiteanna éagsúla sa Choláiste go dtí fiosrúcháin ó dhaoine atá ag déanamh taighde ar a gcuid sinsear. Tá An Oifig Fhiosrúchán freagrach chomh maith as seomraí a chur in áirithint do chruinnithe/imeachtaí a eagraíonn Scoileanna/Ranna, Aontas na Mac Léinn, Aontas na Mac Léinn Iarchéime, cumainn agus clubanna agus eagraíochtaí seachtracha (seachas gníomhaíochtaí teagaisc acadúla agus comhdhálacha samhraidh tráchtála) agus bainiseacha sa Séipéal.
Tá ullmhú Féilire na hOllscoile (Cuid 1 agus an Forlíonadh) mar ghné an-tábhachtach d'obair na hOifig Fiosrúchán. Foilsítear é go bliantúil agus is é an féilire an fhoinse eolais chinntitheach ar Almanag an Choláiste (PDF), ar táillí an Cholaiste, rialacháin ghinearálta agus eolas do mhic léinn ar chúrsaí fochéime. Tá an Oifig freagrach chomh maith as leabhrán na gcúrsaí céime agus dioplóma iarnóin/tráthnóna/deiridh seachtaine seachtracha a ullmhú.
An Fhoireann
| Ainm | Post | Teileafón | Ríomhphost | Suíomh |
|---|---|---|---|---|
| Mary McGetrick | Oifigeach Riaracháin | +353-1-896 1724 | mmcgtrck@tcd.ie | An Téatar Thiar |
| Elizabeth McWilliam | Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach | +353-1-896 1897 | emcwllim@tcd.ie | An Téatar Thiar |