Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Fáilte chuig Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais

 

In 1996 a d'oscail Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais i gColáiste na Tríonóide agus tá sí anois ina ceannródaí ar thaighde agus oideachas cúraim sláinte sa tír agus thar lear. Táimid sa chéad áit in Éirinn agus sa 25ú háit ar domhan mar Scoil Altranais agus Chnáimhseachais de réir Rangú QS ar Ábhair in Ollscoileanna an Domhain 2018. Agus muid ar an bpríomhscoil Altranais agus Chnáimhseachais in Éirinn, táimid tiomanta taithí oideachais den chéad scoth a chur ar fáil do na mic léinn d'ardchaighdeán a ndéanaimid freastal orthu. Is í an fhís atá againn ná bheith ar an scoil is fearr agus is féidir do thaighde agus d'oideachas Altranais agus Cnáimhseachais. Féachaimid lenár gcéimithe altranais agus cnáimhseachais a ullmhú le dul i mbun oibre agus a bheith chun cinn i gcúram sláinte nua-aimseartha, ceannródaíoch atá bunaithe ar chroíluachanna an altranais agus an chnáimhseachais .i. cúram, comhbhá agus inniúlacht. Tá cáil den chéad scoth ar ár gcéimithe altranais agus cnáimhseachais ar fud an domhain agus an-tóir orthu mar fhostaithe ag tabhairt faoi róil éagsúla ar gach leibhéal i gcórais sláinte in Éirinn agus thar lear.

Tá comhpháirtíocht dhlúth againn le roinnt eagraíochtaí cúraim sláinte lena n-áirítear mór-ospidéil teagaisc acadúla, ospidéil réigiúnacha, ospidéil mháithreachais, ospidéil do pháistí, seirbhísí meabhairshláinte agus réimse leathan seirbhísí sláinte pobail agus cúraim shóisialta. Is muid an ollscoil atá ceangailte le Grúpaí Ospidéal Bhaile Átha Cliath agus Lár na Tíre - líonra ospidéal lena n-áirítear Ospidéal San Séamas, Ospidéal Thamhlachta, Ospidéal Ginearálta an Náis, Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre Phort Laoise, Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre Thulach Mhór, Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná agus do Naíonáin agus Líonra Oinceolaíochta Radaíochta Naomh Lúcás. 
Táimid ar cheann de dhá scoil Altranais agus Chnáimhseachais in Éirinn a chuireann cláir fochéime agus iarchéime ar fáil i ngach disciplín Altranais (Altranas Leanaí, Altranas Ginearálta, Altranas Míchumas Intleachta agus Altranas Síciatrach) agus i gCnáimhseachas. Tá an fhoireann ildisciplíneach inár Scoil agus ár bpáirtithe seirbhíse sláinte tiomanta taithí oideachais chliniciúil agus theoiriciúil den chéad scoth a chur ar fáil duit i dtimpeallacht oiliúnach.

Mar cheann de na príomhollscoileanna dian-taighde ar domhan, tá sé cruthaithe ag lucht taighde i Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais go n-éiríonn lena dtairiscintí ar thaighde mór-scála ó ghníomhaireachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta – lena n-áirítear an Bord Taighde Sláinte. Ag tarraingt ar ár bpobal taighde láidir, bríomhar agus ionchuimsitheach, tá taighde na scoile cuimsithe faoi chúig phríomhthéama: Sláinte Daonra agus Pobail; Sláinte, Anacair agus Galar Meabhrach; Aosú agus Míchumas Intleachta; Sláinte agus Folláine Ban, Páistí agus Teaghlach a Fheabhsú agus Lárionad Choláiste na Tríonóide don Nuálaíocht i gCleachtas agus Cúram Sláinte. Léiríonn an taighde a thaispeántar ar na leathanaigh nasctha seo na himscrúduithe atá curtha i gcrích ag an bhfoireann acadúil, ag comhaltaí taighde iardhochtúireachta, cúntóirí taighde agus mic léinn taighde iarchéime chomh maith le tograí i gcomhar leis an gcoláiste, seirbhísí sláinte, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.