Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



An Ghaeilge sa Leabharlann

Seirbhísí do Chustaiméirí

Cuireann an Leabharlann turais treoshuímh i nGaeilge ar fáil do mhic léinn na chéad bliana i rith Sheachtain na Chéad Bliana gach bliain.
Cuireann an Leabharlann turais treoshuímh i nGaeilge ar fáil do gach comhalta den Choláiste ach coinne a dhéanamh.
Maidir le turais féin-treoraithe i nGaeilge, féach an Treoirleabhar Leabharlainne (PDF).

Tugtar léacht ar oiliúint i mbunscileanna eolais agus acmhainní ábhair Gaeilge, i gcló agus ar líne, do mhic léinn i Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha gach bliain ach coinne a dhéanamh (déan teagmháil le: Clíona Ní Shúilleabháin).

Seirbhísí Deasca

Bíonn na teachtaireachtaí uathoibrithe ón leabharlann, ag iarraidh nithe thar téarma a thabhairt ar ais, dátheangach.  
comhéadan na catalóige (Catalóg na Mílaoise) ar fáil as Gaeilge.

Beidh ball foirne ón Leabharlann ar fáil chun gnó a dhéanamh i nGaeilge ag deasca iasachta Berkeley agus Hamilton le linn uaireanta oifige (9.30am-3.30 ó mhí na Nollag 2012 ar aghaidh).

Ábhar Gaeilge sa Leabharlann

Tá na leabhair Gaeilge ar na seilfeanna oscailte ar an 3ú hUrlár i Leabharlann Ussher. Féadfaidh fochéimithe nithe ceannaithe, a bhfuil an réamhtheideal LEN orthu, a fháil ar iasacht. Tá roinnt irisí clóite Gaeilge (print journals) ar fáil in Íoslach an Ussher. Chomh maith leis sin, íocann an Leabharlann síntiús le go leor bunachar sonraí Gaeilge ar líne, mar shampla JSTOR. D'fhéadfadh ábhar Gaeilge eile a bheith sna Leabharchruacha Srianta. Is féidir teacht ar an ábhar sin ach féachaint i gcatalóg na Leabharlainne agus is féidir é a iarraidh ar líne nó ag na deasca Iasachta sna Seomraí Léitheoireachta.

Tá páipéir le scoláirí Gaeilge áirithe, Máirtín Ó Cadhain ina measc, á gcoimeád ag Leabharlann Lámhscríbhinní & Taighde Cartlainne (MARL) ina bailiúcháin mheánaoise agus nua-aimseartha, agus is féidir iad a fheiceáil ach socrú a dhéanamh le MARL.

Nithe Gaeilge faoi chóipcheart

Seolann an Leabharlannaí Sealbhaithe litir i nGaeilge chuig gach foilsitheoir Gaeilge, ag míniú dóibh cad é an Taisceadh Dlíthiúil agus cad é ról cartlainne na Leabharlainne. Seoltar litir eile chuig foilsitheoirí anois is arís, ag meabhrú dóibh go bhfuil oibleagáid orthu ní nua a chur i dtaisce faoin Acht Cóipchirt. Más foilsitheoirí Gaeilge iad, scríobhtar an litir i nGaeilge.
Nuair a fhaightear cóip chóipchirt de ní a foilsíodh in Éirinn (cibé acu i nGaeilge nó i mBéarla) sa Leabharlann, cuirtear ar aghaidh é chuig EPB, Seanleabhair Chlóite & Cnuasaigh Speisialta áit a mbíonn sé mar chuid den bhailiúchán speisialta, ábhar Cartlainne Gaeilge.

Teagmháil: Clíona Ní Shúilleabháin 01 896 3084