| An Déan Sóisearach | Leathanach na dTeagmhálacha | |
An Déan Sóisearach: An tOllamh Tim TrimbleAn Deán Sóisearach atá freagrach as sáruithe ar dhisciplín a chuirtear i leith mac léinn a fhiosrú agus gníomh a ghlacadh ina leith de réir rialacháin agus reachtanna an Choláiste. Disciplín Mac LéinnLeagann Bord an Choláiste dualgas ar Oifig an Déin Shóisearaigh súil ghinearálta a choinneáil ar iompar na mac léinn. Chuige sin tá sraith smachtbhannaí údaraithe ag an mBord atá cead ag Oifig an Déin Shóisearaigh a chur i bhfeidhm i gcásanna a thagann os comhair Oifig an Déin Shóisearaigh. D'fhéadfaí fíneáil a ghearradh ar mhac léinn i gcás mionchionta. D'fhéadfaí mac léinn a dhíbirt as a gcoláiste i gcás cionta tromchúiseacha ar nós bradaíl. Nósanna ImeachtaCuireann an Déan mic léinn a bhfaigheann sé tuairisc orthu faoi agallamh agus socraíonn sé ina dhiaidh cén gníomh le glacadh. I gcás mionchionta, ina socraítear ar fhíricí an cháis, d'fhéadfaí réimse gníomh a ghlacadh ó fhíneáil go leithscéal foirmeálta a ghlacadh leis an bpáirtí díobhálaithe. Tá mic léinn i dteideal duine dá rogha a bheith i láthair ag gach agallamh - a dteagascóir de ghnáth – cé nach gá sin de ghnáth ach amháin i gcás ina mbeadh cion tromchúiseach i gceist. SmachtbhannaíTá liosta de na smachtbhannaí a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm i gcásanna a thabharfaí os comhair Oifig an Déin Shóisearaigh le fáil ón Oifig. Ann cuirtear béim ar na cionta is coitianta agus is liosta eiseamláireach é seachas liosta cuimsitheach. Níl aon cheangal ar Oifig an Déin Shóisearaigh sa chás is go mbeadh earráid nó easnamh sa liosta eiseamláireach. An príomhchuspóir atá le gur féidir smachtbhannaí a ghearradh ná le cosc a chur ar iompar seachas cúiteamh a bhaint amach ina leith: Is é leas gach duine é go gcloífí leis na rialacháin. Cláraitheoir na Seomraí An tOllamh Tim TrimbleLeithroinneann Cláraitheoir na Seomraí, thar ceann an Phropaist, cóiríocht chónaitheach ar an gcampas agus is oifigeach reachtúil é den Choláiste [Reachtanna XII.12 (c)]. |
|||
|
|
|||
|
Contact: junior.dean@tcd.ie Last Updated: 12-Jun-2012 |