Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Roinn na hIodáilise

Fáilte chuig an Iodáilis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath!

Is i gColáiste na Tríonóide atá an traidisiún is sine ar domhan maidir le léann Iodáilise ag leibhéal ollscoile, a théann siar go dtí 1776. Sa lá atá inniu ann, tá croí-fhoireann de thriúr speisialtóirí san Iodáilis againn, i gcomhpháirtíocht le hollamh emeritus, a mhúineann Iodáilis ó leibhéal tosaitheora go PhD agus a bhíonn páirteach go gníomhach i réimse lánpháirtithe léann cultúir teanga-bhunaithe Choláiste na Tríonóide. Is iad sin léachtóir arna cheapadh ag Rialtas na hIodáile, cúntóir teanga iarchéime agus teagascóir teanga le sár-thaithí. Bhí ról lárnach ag Roinn na hIodáilise le blianta beaga anuas maidir le cúrsaí iarchéime idirdhisiplíneacha a fhorbairt agus a chothabháil i Léann na Meánaoise, in Aistriúchán Liteartha, i Litríocht Chomparáideach agus i Léann na hEorpa.

Is cuid sinn de Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr i gColáiste na Tríonóide, áit a dhéantar múineadh agus staidéar ar bhreis agus dhosaen teanga faoi láthair. Cuirimid dhá chúrsa céime ceithre bliana ar fáil: an chéim Léanna na hEorpa agus teanga agus litríocht na hIodáile mar leath amháin de Modhnóireacht Dhá Ábhar. Tá os cionn 130 mac léinn sa Roinn, taighdeoirí iarchéime san áireamh.