Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



bardic@tcd

Tionscadal Fhilíocht na Scol

 

Tionscadal 2000-2008

Stiúrthóir: An tOllamh Damian McManus r-phost

Bhí tionscadal Fhilíocht na mBard ar cheann de sé thionscadal ar éirigh leis na Ranna Staire (Luath agus Meánaoise), Béarla agus Gaeilge i gColáiste na Tríonóide maoiniú a fháil dóibh ó 'Chlár um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal' (PRTLI) de chuid an Údaráis um Ardoideachas (PRTLI), Timthriall i agus iii. Bhí sé d'aidhm ag an tionscadal gach dán de chuid na mBard nach raibh i gcló cheana (thart ar 600 ar fad) atá ar coinneáil i leabharlanna in Éirinn a thrasscríobh. Lig an maoiniú seo do Roinn na Gaeilge líon áirithe Cúntóirí Taighde a cheapadh leis an trasscríobh a chur i gcrích. Ceapadh na cúntóirí, Dr Eoghan Ó Raghallaigh, Catherine Saunders agus Muiris Ó Raghallaigh, ar céimithe de chuid na Roinne iad ar fad, ar feadh achair éagsúla ama, agus chuaigh siad chun oibre faoin stiúrthóir. Bhí an Dr Ó Raghallaigh ag obair ar an tionscadal ó thús go deireadh, agus é féin agus an stiúrthóir ag obair as lámha a chéile, ag seiceáil agus ag athsheiceáil na dtéacsanna trasscríofa.

Ó thús, bhí sé mar chuid den phlean an corpas seo téacsanna agus Bunachar Fhilíocht na Scol a chruthaigh Dr Katharine Simms (atá anois ar fáil ar shuíomh gréasáin Insitiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, nó DIAS) a thabhairt le chéile, sa chaoi is go mbeadh uirlis taighde den scoth á cur ar fáil do scoláirí san réimse seo. Ní fhéadfaí neamhaird a dhéanamh den chorpas foilsithe de dhánta, a bhfuil thart ar míle ceithre chéad dán ann, sa bhfiontar seo agus chinn an fhoireann a bhí ag obair ar an tionscadal an t-ábhar seo a chur san áireamh freisin.

Bardic MiscellanyB'é bailiú le chéile na dtéacsanna seo, foilsithe agus gan foilsiú, an chéad chéim agus tá sé sin curtha i gcrích anois. Le comhoibriú ó Scoil an Léinn Cheiltigh sa DIAS, bhrúigh muid ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile, is é sin an t-ábhar seo a ionchur i mBunachar Fhilíocht na Scol. Trí an dá rud a thabhairt le chéile, is féidir amach anseo cuardach sonrúil a dhéanamh de réir file, pátrún, ré, áit, dáta, ábhar nó móitíf, agus teacht láithreach ar an téacs cuí, chomh maith le bheith ábalta focail ar leith a chuardach, nó ainmneacha, logainmneacha, leaganacha cainte, sraitheanna litreacha, patrúin rithime, eochairfhocail i móitífeanna agus gach cineál sonra a mbeadh suim ag an teangeolaí ann. Tabharfar isteach sa ré digiteach Filíocht na mBard agus tá súil againn go spreagfar scoláirí óga le tabhairt faoin saothar riachtanach leis an oidhreacht shaibhir litríochta seo a chur in eagar agus a mhíniú.

Ullmhaíodh freisin cúig chéad den sé chéad dán nach raibh foilsithe cheana lena gcur i gcló, agus tá siad i gcló anois sa leabhar 'A Bardic Miscellany.' Tá liosta aibítreach de na dánta ar fad a bailíodh faoin tionscadal ar an suíomh seo chomh maith, maraon leis an áit ar foilsíodh iad nó an foinse lámhscríbhinne, agus liosta na ndánta ar fad atá sa leabhar. Tá ábhar eile ar fáil leis, .i. na solaoidí as na tráchtais ghramadaí (féach thíos).

Foilseacháin a bhaineann le tionscadal Filíochta na mBard:

Ó Raghallaigh, Eoghan, ‘A poem to Aodh Buidhe and Alasdar Mac Domhnaill of Tinnakill, Queen’s County’, Ossory, Laois and Leinster, 1156-1606 (Dublin, 2006).
McManus, Damian: ‘The bardic poet as teacher, student and critic: A context for the grammatical tracts’, Unity in diversity, ed. C. Ó Háinle and D. E. Meek, Trinity Irish Studies I, School of Irish, TCD (2004), 97-124
‘”The smallest man in Ireland can reach the tops of her trees”: images of the king’s peace and bounty in Bardic poetry’, Memory and the modern in Celtic literatures, ed. Joseph Falaky Nagy, Celtic Studies Association of North America Yearbook, V (2006), 61-117.
‘Varia III: Miscellanea on Bardic poetry: Metre, language and style’, Ériu, LV (2005), 147-66.
McManus, D. ‘Good-looking and irresistible: The hero from Early Irish saga to classical poetry’, Ériu 49 (2009) 57-109.
McManus D. and Ó Raghallaigh E.: A Bardic miscellany: five hundred poems from manuscripts in Irish and British libraries, Léann na Tríonóide/Trinity Irish Studies 2 (ISBN 978-0-9546882-1-9; ISNN 1649-4725), Department of Irish, Trinity College, Dublin (2010).

Ceannaigh 'A Bardic Miscellany':

Praghas:100 d'institiúid / 50 do dhaoine aonair

Cuir r-phost chuig Caoimhe ní Bhraonáin le do chóip a ordú, nó le tuilleadh eolais a fháil.

Le breathnú ar na teidil ar fad atá ar fáil le ceannach ó Roinn na Gaeilge, cliceáil anseo.

Tuilleadh eolais maidir leis an mbunachar

Féadtar na comhaid seo a leanas a léamh anseo:
A Bardic Miscellany – Contents (MSWord 45kB) is a list of contents of the recently published A Bardic Miscellany.
Database Index (MSWord 109kB) is an index to all poems in the Database on the DIAS website  (http://bardic.celt.dias.ie) and the sources from which our copies were taken.
Citations (MSWord 284kB) contains the full text of the citations from Bardic poetry in the medieval Irish Grammatical Tracts and Bardic Syntactical Tracts arranged alphabetically with all duplicates and triplicates and identified citations noted.
Cited Poems (MSWord 26kB) contains an alphabetic list of all poems from which quatrains / couplets are cited in the medieval Irish Grammatical Tracts and Bardic Syntactical Tracts together with details of the quatrains and/or couplets and where they are cited.

Tract on the Subjunctive (from two TCD manuscripts) (MSWord 141kB)