Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Taighde

Féadfaidh mic léinn taighde léamh i dtreo an M.Litt. (1-3 bliana) nó PhD (3-5 bliana) i Roinn na Gaeilge. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó mhic léinn ar staidéar iarchéime taighde faoi réir ag na rialacháin atá leagtha amach i Réamheolaire Iarchéime na hOllscoile. Le tuilleadh eolais a fháil faoi sin, téigh chuig suíomh na Oifige um Léann Iarchéime.

Is tríd an Oifig um Léann Iarchéime a déantar na hiarratais, ach moltar go láidir teagmháil neamhfhoirmiúil a dhéanamh leis an Roinn lena fheiceáil cé chomh hoiriúnach is a bheadh iarrthóir, cé chomh hindéanta is atá an t-ábhar atá á mholadh agus maidir le hainmniúchán stiúrthóra ar an tráchtas. Tugann baill foirne na Roinne aire don taighde ina réimsí féin (féach Taighde na Foirne).