Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



M. Phil sa Luath-Ghaeilge

Aidhmeanna

Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa bliana seo ard-leibhéal inniúlachta a thabhairt don mhac léinn sa tSean-Ghaeilge, agus clúdófar réimse leathan téacsanna próis agus véarsaíochta, agus gnéithe éagsúla de theanga, de litríocht agus de chultúr na Luath-Ghaeilge. Féadfar gabháil don chrsa mar dhara bliain ag tógáil ar chúrsa agus ar thaithí a gnóthaítear sa Dioplóma sa tSean-Ghaeilge.

Lámhleabhar don chúrsa ar fáil anseo.

Faid

Mairfidh an cúrsa bliain acadúil, ag tosú Mí Deireadh Fómhair, agus tá gá le staidéar lán-aimseartha chuige. Féadfaidh mic léinn nach bhfuil aon eolas acu ar Shean-Ghaeilge réamhchúrsa bliana a dhéanamh, .i. cúrsa an Dioplóma sa tSean-Ghaeilge (féach leathanach an Dioplóma). I mbliain an MPhil, déanfar mic léinn a mheas le scrúdú (sa samhradh) agus le tráchtas de c.20,000 focal.

Iarratais

  • Ceadófar d'iarrthóirí leanacht ar aghaidh chuig cúrsa an M.Phil. má bhaineann siad amach 50% nó níos airde sa scrúdú sa Dioplóma.
  • Glacfar le mic léinn a bhfuil inniúlacht inchomparáide acu leis sin a faightear trí chúrsa an Dioplóma, ach iarratas a sheoladh isteach ar áit ar chúrsa an M.Phil.
  • Ní mór iarratais iontrála a sheoladh faoi bhráid Dhéin na Staidéar Iarchéime roimh 30 Meitheamh sa bhliain ina lorgaítear iontráil.
  • Glacfar le mic léinn gach ré-bhliain. 2020/21 an chéad tráth eile.

Obair an Chúrsa

Is ionann an obair sa chéad bhliain, má tugtar faoi, agus cúrsa an Dioplóma sa tSean-Ghaeilge (féach leathanach an Dioplóma). Mairfidh an cúrsa don MPhil é féin trí théarma, agus beidh sé uair an chloig teagmhála sa ghné múinte den chúrsa, mar seo a leanas:

  • Prós na Sean-Ghaeilge (2 uair an chloig).
  • Filíocht na Sean-Ghaeilge (1 uair an chloig).
  • Teangeolaíocht chomparáide (1 uair an chloig)
  • Dlí na Luath-Ghaeilge (1 uair an chloig)
  • Meán-Ghaeilge (1 uair an chloig).
  • Aoiléachtaí.

Ní mór miontráchtas de c.20,000 focal, dhá chóip clóscríofa, a thabhairt isteach roimh 30 Meán Fómhair na bliana chéanna.