Luath agus Nua-Ghaeilge
Tugann an Luath agus Nua-Ghaeilge traenáil do mhic léinn le staidéar criticiúil a dhéanamh ar theanga, litríocht agus cultúr na hÉireann agus na hAlban ón tréimshe is luaithe go dtí an lá atá inniu ann. Déantar staidéar ar réimse leathan téacsanna agus údar, agus cuirtear bunscileanna na hanailíse teangeolaíche agus liteartha os comhair na mac léinn, chomh maith le gnéithe den stair shóisialta, paileagrafaíocht agus focleolaíocht chomparáideach.
Tá dhá shruth leis an gcúrsa, an sruth luath ina bpléitear gach gné den ábhar síos go dtí an dara haois déag, agus an sruth nua a chlúdaíonn an tréimhse ó dheireadh an dara haois déag go dtí an lá atá inniu ann. Déantar staidéar ar ghaolmhaireachtaí Ceilteacha agus Ind-Eorpacha na Gaeilge sa sruth luath, agus sa tríú agus sa cheathrú bliain cuirtear cúrsa ar fáil sa Nua- agus sa Mheán-Bhreatnais, ach an fhoireann a bheith ar fáil chuige. Cuid lárnach is ea Gaidhlig na hAlban sa sruth nua.
Sa cheathrú bliain, leanann na mic léinn lena gcuid staidéar i gceann amháin den dá shruth, nua nó luath, agus gabhann siad dá réir do chuid I agus do chuid II de scrúdú na Modhnóireachta.
Is í aidhm shainiúil an ceathrú bliain deis a thabhairt do mhic léinn díriú ar an ábhar is fearr leo agus barr feabhais a chur ar a gcumas san ábhar sin. Sa tráchtas, a scríobhann siad faoi stiúir bhall de fhoireann na roinne, tá deis acu pé gné den ábhar a roghnaigh siad don cheathrú bliain a scrúdú go mion agus ligean dá gcumas cruthaitheach agus scolártha teacht faoi bhláth.
Bliain a hAon
Bl1 Luath-Ghaeilge - ar na hábhair a bhíonn ar fáil, bíonn:
IR1012-13 Old Irish Grammar and Prose, IR1002 The Sources of Early Irish literature, and IR1004 Introduction to Early Irish Sagas.
Bl1 Nua-Ghaeilge - ar na hábhair a bhíonn ar fáil, bíonn:
IR1021 Nualitríocht, IR1022 Pobal agus Teanga, IR1023 Scéalaíocht Chéitinn agus an Dán Díreach, IR1035 Ceart agus Labhairt na Teanga (Teanglann san áireamh: Canúintí Chonnacht, na Mumhan agus Uladh)
Bliain a Dó
Bl2 Luath-Ghaeilge - ar na hábhair a bhíonn ar fáil, bíonn:
IR2001 Early Irish Prose, IR2003 Old Irish Glosses and Verse, IR2005 Early Irish Sagas, IR2006 Introduction to Old Irish II, and IR2007 Early Irish Poetry.
Bl2 Nua-Ghaeilge - ar na hábhair a bhíonn ar fáil, bíonn:
IR2021 Nuafhilíocht, IR2024 Béaloideas, IR2026 Gaeilge na hAlban, IR2052 Nualitríocht, IR2035 Ceart agus Labhairt na Teanga (Teanglann san áireamh: mar atá thuas).
Bliain a Trí/Ceathair
Bl3/4 Luath-Ghaeilge - ar na hábhair a bhíonn ar fáil, bíonn:
History of the language III (Ogam and Primitive Irish) and IV (Comparative phonology and morphology), Early Irish Law or Early Irish poetry, Ecclesiastical verse or prose, Secular narrative, Irish Palaeography
Bl3/4 Nua-Ghaeilge - ar na hábhair a bhíonn ar fáil, bíonn:
Ceapadóireacht, Gaeilge na hAlban, Prós Luath-Nua-Ghaeilge, Filíocht nó Prós an 17ú Céad, Prós nó filíocht Fiannaíochta, An Dán Díreach, Filíocht nó Prós an 18ú Céad, Béaloideas, Nualitríocht (úrscéalta, drámaíocht, filíocht, gearrscéalta, beathaisnéisí, srl), Paileagrafaíocht.
Ní gá go mbeadh gach ábhar ar fáil gach bliain.
Ní mór do lucht na ceathrú bliana tráchtas (thart ar 10,000 focal) a scríobh ar ábhar formheasta ag an gCeann Roinne.