Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

English

M. Phil sa Luath-Ghaeilge

Aidhmeanna

Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa dhá-bhliana seo ard-leibhéal inniúlachta a thabhairt don mhac léinn sa tSean-Ghaeilge, agus clúdófar réimse leathan téacsanna próis agus véarsaíochta, agus gnéithe éagsúla de theanga, de litríocht agus de chultúr na Luath-Ghaeilge.

Faid

Mairfidh an cúrsa dhá bhliain acadúil, ag tosú Mí Deireadh Fómhair, agus tá gá le staidéar lán-aimseartha chuige. Is ionann an cúrsa sa chéad bhliain le cúrsa an Dioplóma sa tSean-Ghaeilge (féach leathanach an Dioplóma). Sa dara bliain, déanfar mic léinn a mheas le scrúdú (sa samhradh) agus le tráchtas de c.20,000 focal.

Iarratais

  • Ceadófar d'iarrthóirí leanacht ar aghaidh chuig cúrsa an M.Phil. má bhaineann siad amach 50% nó níos airde sa scrúdú sa Dioplóma.
  • Glacfar le mic léinn a bhfuil inniúlacht inchomparáide acu leis sin a faightear trí chúrsa an Dioplóma, ach iarratas a sheoladh isteach ar áit ar chúrsa an M.Phil.
  • Glacfar leis an gcéad ghrúpa eile iarratas mí Meitheamh 2012.

Obair an Chúrsa

Is ionann an obair sa chéad bhliain agus cúrsa an Dioplóma sa tSean-Ghaeilge. Mairfidh an cúrsa don dara bliain trí théarma, agus beidh sé uair an chloig teagmhála sa ghné múinte den chúrsa, mar seo a leanas:

  1. Prós na Sean-Ghaeilge (2 uair an chloig).
  2. Filíocht na Sean-Ghaeilge (1 uair an chloig).
  3. Teangeolaíocht chomparáide (1 uair an chloig)
  4. Dlí na Luath-Ghaeilge (1 uair an chloig)
  5. Meán-Ghaeilge (1 uair an chloig).
  6. Aoiléachtaí.

Ní mór miontráchtas de c.20,000 focal, dhá chóip clóscríofa, a thabhairt isteach roimh 30 Meán Fómhair na bliana chéanna.


Nuashonraithe 14 December 2010 ag nibhraoc@tcd.ie (Ríomhphost).