Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

English

Dioplóma sa tSean-Ghaeilge

Aidhmeanna

Tá sé d'aidhm ag an gcúrsa seo bunús láidir a thabhairt do chéimithe in ábhair chomhghaolmhara i dteanga agus i litríocht na Sean-Ghaeilge.

Faid

Maireann an cúrsa ar feadh dhá leath-bhliain d'aon bhliain acadúil amháin, ag tosú Mí Deireadh Fómhair, agus is cúrsa staidéir lán-aimseartha é. Meastar iarrthóirí le scrúdú ina bhfuil dhá pháipéar, trí uair an chloig an ceann.

Iarratais

Ní mór iarratais iontrála a sheoladh faoi bhráid Dhéin na Staidéar Iarchéime roimh 30 Meitheamh sa bhliain ina lorgaítear iontráil. Ní ghlactar le hiarratais, de ghnáth, ach ó dhaoine le hiarchéim mhaith onóracha in ábhar comhghaolmhar ar nós Nua-Ghaeilge nó teanga Cheilteach eile, teangacha, litríocht nó stair na meánaoise, nó seandálaíocht. Glacfar le mic léinn gach ré-bhliain. (2015/16 an chéad tráth eile)

Obair chúrsa

Beidh sé uair an chloig teagmhála i gceist sa seachtain, mar a leanas:

  • Uraiceacht Sean-Ghaeilge (2 uair an chloig).
  • Ranganna Teagaisc sa tSean-Ghaeilge (2 uair an chloig).
  • Litríocht na Sean-Ghaeilge, léitheoireacht sa véarsaíocht liriciúil san áireamh (1 uair an chloig).
  • Gluaiseanna Sean-Ghaeilge agus scéalaíocht (1 uair an chloig).



Nuashonraithe 18 July 2013 ag nibhraoc@tcd.ie (Ríomhphost).