Staidéar thar sáile
Féadfaidh mic léinn Luath-Ghaeilge leath-bhliain a chaitheamh sa tríú bliain san ollscoil in Aberystwyth sa Bhreatain Bheag.
Faraor ní féidir le mic léinn Nua-Ghaeilge bliain a chaitheamh thar lear ar Erasmus faoi láthair. De ghnáth, glacann mic léinn a bhfuil nua-theanga eile idir lámha acu bliain 'imithe de na leabhair' le cuairt a thabhairt ar thír ina labhraítear an teanga eile sin, agus féadfaidh siad obair nó staidéar ann don bhliain sin.