An Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide?
Má tá suim agat staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, Luath nó Nua nó an dá cheann, nó í a léamh maraon le réimse eile ábhar, ba cheart duit smaoineamh ar theacht ag staidéar anseo linne i gColáiste na Tríonóide.
Tá Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteach beag, cairdiúil mar roinn - cuireann an fhoireann agus na mic léin an-aithne ar a chéile i gcaitheamh an tréimhse staidéir, agus bíonn na léachtóirí sásta i gcónaí rudaí a phlé leis na mic léinn..
Tá clú agus cáil idirnáisiúnta ar Roinn na Gaeilge ó thaobh teagaisc agus taighde de. Cúrsa ceithre bliana atá ann a mhúintear trí mheán na Gaeilge i gcás na Nua-Ghaeilge, agus trí mheán an Bhéarla i gcás na Luath-Ghaeilge. Clúdaítear gach gné de litríocht na Gaeilge agus den teanga. Cuid lárnach de chúrsa na Nua-Ghaeilge staidéar a dhéanamh ar Ghaidhlig na hAlban - rud nach fíor faoi choláistí eile na tíre - agus bíonn deis ag mic léinn cuairt a thabhairt ar Shabhal Mòr Ostaig ar an Eilean Sgeithanach.
Bíonn deis ag mic léinn Luath-Ghaeilge staidéar a dhéanamh thar lear ar feadh leath-bhliana. Féach próifíl a thug iarscoláire dár gcuid, Christina Cleary, agus í ag cur síos ar an tréimhse a chaith sí sa Choláiste agus in Aberystwyth.
Tá An Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn is láidre sa Choláiste, agus ritear iliomad ócáidí agus imeachtaí i gcaitheamh na bliana, faoi mar a dhéanann Oifigeach na Gaeilge chomh maith. Ciallaíonn seo nach amháin go bhfuil staidéar na Gaeilge anseo speisiúil, dúshlánach, ach go mbíonn an-chraic i gceist leis chomh maith. Le blaiseadh a fháil, féach an méid a bhí le rá ag cúpla duine eile dár gcuid iarscoláirí, B'fhéidir go mbeadh an Scéim Chónaithe ach go háirithe mar dhíol speise duit. Seo scéim ina mbronntar deontas ar ghrúpa áirithe mac léinn a chónaíonn i nGaeltacht bheag an Choláiste.
Tá Coláiste na Tríonóide é féin lonnaithe i gcroílár na cathrach, agus acmhainní Gaeilge ar nós Gael Linn, Conradh na Gaeilge agus Gaelchultur taobh amuigh den gheata, acmhainní eile taighde freisin ar nós an Leabharlann Náisiúnta agus Acadamh Ríoga na hÉireann, gan trácht ar gach acmhainn eile a mbeifí ag súil leis i gcampas atá suite i gceartlár na príomhchathrach, ar nós na siopaí ar Shráid Ghrafton agus áiteanna deasa le béile a chaitheamh.