Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

English

Iontrálacha

Tá na gnéithe seo thíos riachtanach le haghaidh iarratais ar chúrsaí Roinn na Gaeilge:

  1. Don chúrsa aon-onórach sa Luath agus Nua-Ghaeilge (TR022) agus don leath-mhodhnóireacht (TSM) sa Luath nó Nua-Ghaeilge (TR001): ar a laghad grád C sa Ghaeilge san Ardteist (ardleibhéal) nó grád C sa General Certificate of Education (A-leibhéal).
  2. Don chúrsa Eolaíochta Ríomhairí, teangeolaíocht agus teanga (Gaeilge; TR013): ar a laghad grád B3 sa Ghaeilge san Ardteist (ardleibhéal) nó grád B sa General Certificate of Education (A-leibhéal).
  3. Le haghaidh 'Irish Language and Literature' agus 'Elementary Irish' (do mhic léinn ar cuairt): níl aon riachtanas ar leith ann.
  4. Le haghaidh taighde iarchéime sa Luath-Ghaeilge: ar a laghad grád II.1 sa bhunchéim i gceachtar céim - Luath agus Nua-Ghaeilge, nó MDÁ Luath-Ghaeilge agus ábhar eile, nó cáilíocht coibhéiseach. (Ag brath ar agallamh)
  5. Le haghaidh taighde iarchéime sa Nua-Ghaeilge: ar a laghad grád II.1 sa bhunchéim i gceachtar céim - Luath agus Nua-Ghaeilge, nó MDÁ Nua-Ghaeilge agus ábhar eile, nó cáilíocht coibhéiseach. (Ag brath ar agallamh)

I gcás (4) agus (5), cuirfear agallamh ar iarrthóirí ar céimithe iad ó ollscoil eile, le meas a dhéanamh ar a gcuid cáilíochtaí agus ar a n-oiriúnacht chun tograí taighde ar mhian leo clárú dóibh. Le haghaidh eolas ar chúrsaí iarchéime a múintear, féach an Dioplóma sa Sean-Ghaeilge agus an M.Phil sa Luath-Ghaeilge.


Nuashonraithe 18 July 2013 ag nibhraoc@tcd.ie (Ríomhphost).