Léim go dtí an príomhábhar »

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

|Skip Navigation|
Graduate Studies

Leathanach Baile na Gaeilge

Is ar an Oifig Staidéar Céimithe atá an fhreagracht fhoriomlán as clárú agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn acadúil agus leas na mac léinn iarchéime ar fud na hOllscoile. Tá sí suite I bhFoirgneamh na nEalaíon ar an bpríomhchampas, agus tá sí oscailte ó 10am go dtí 12pm agus ó 2pm go dtí 4pm, ó Luan go Aoine. Tá Coláiste na Tríonóide tiomanta d'fhorbairt leanúnach ar oideachas do chéimithe agus i measc ár dtionscnamh nua tá soláthar oiliúna i nuálaíocht, fiontraíocht agus dian-mhodúil a bhaineann le disciplíní faoi leith chun tacú agus cur le taighde bunúil. Tagann ár mic léinn céimithe ó gach cuid den domhan agus cuireann siad go mór le gníomhaíochtaí Choláiste na Tríonóide.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar ár láithreán gréasáin www.tcd.ie/Graduate_Studies Gheobhaidh mic léinn ionchais eolas ansin faoi raon éagsúil cúrsaí múinte ag leibhéal Dioplóma agus Máistreachta agus faoi na nósanna imeachta iontrála do chéimeanna múinte agus taighde (M.Sc., M.Litt., and Ph.D.).

Féadfaidh mic léinn céimithe reatha agus baill foirne reatha teacht ar threoirlínte, nósanna imeachta, agus eolas faoi dhuaiseanna taistil. Féadfaidh gach iarrthóir ar chéimeanna taighde, idir iarrthóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta, cur isteach ar dhuaiseanna an Choláiste, a chlúdaíonn an táille iomlán AE nó neamh-AE, chomh maith le deontas a chur ar fáil.Chomh maith leis sin, tugann go leor Scoileanna agus Ionaid Taighde tacaíocht airgeadais do mhic léinn céimithe ó dheontais taighde. Leis an tacaíocht sin a fháil, féach leathanaigh ghréasáin na Scoile agus téigh i dteagmháil go díreach le comhaltaí na foirne acadúla.


 

Share

[top]