Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Maidir Linne

Meastar gurb í Ollúnacht na Gearmáinise i gColáiste na Tríonóide, a bunaíodh i 1776, an ceann is sine ar domhan. Sa lá atá inniu ann, tá idir bhuntáistí an traidisiúin sin agus chur chuige nua-aimseartha, bríomhar, ildisciplíne le fáil i Léann na dTeangacha Gearmánacha. Déanaimid teagasc agus taighde i dteanga, cultúr agus sochaí na Gearmáine, i staidéar gnó agus cumarsáid idirchultúir na Gearmáine, agus i ndlí na Gearmáine. Tá seachtar Ollamh, teagascóir Gearmáinise, léachtóirí le Gearmáinis agus le Dlí na Gearmáine, agus roinnt ball foirne páirt-aimseartha, comhaltaí taighde iarchéime agus comhpháirtithe taighde ar fhoireann na Roinne. Cuirimid clár ranganna oíche Ollainnise, a bhfuil an-tóir air, ar fáil freisin.

Tá thart ar 300 mac léinn sa Roinn,

  • i mbun cúrsaí fochéime i TSM Léann na dTeangacha Gearmánacha (Gearmáinis agus ábhar eile);Léann na hEorpa; Eolaíocht Ríomhaireachta, Teangeolaíocht agus Gearmáinis; Staidéar Gnó agus Gearmáinis; Dlí agus Gearmáinis.
  • i mbun cúrsaí iarchéime: MPhil i litríocht na Gearmáine agus oideolaíocht teanga.
  • nó ag staidéar le céim thaighde MLitt agus PhD a bhaint amach.