Scoil an Bhéarla
Tá Scoil an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide ar cheann de na scoileanna is sine sa Bhreatain agus in Éirinn. In 1867, bhunaigh sí an chéad Ollúnacht i Litríocht an Bhéarla. Inniu tá thart ar 500 fochéimí, os cionn 100 mac léinn ar cuairt ó ar fud an domhain, agus thart ar 100 mac léinn ag léamh chun céimeanna níos airde a bhaint amach. Tá 24 chomhalta foirne bhuana sa scoil agus baineann an saineolas teagaisc agus taighde atá acu le raon an-leathan ábhar, tréimhse agus topaicí stairiúla.
I Scoil an Bhéarla, coinnímid tiomantas láidir do theagasc grúpaí beaga agus tugann sé seo, i dtaca le leagan amach nuálach an chúrsa, próifíl idirnáisiúnta tharraingteach don scoil.
I rith na chéad dá bhliain den staidéar fochéime, tacaíonn grúpaí teagaisc le gach léacht laistigh den Scoil. Sa dhá bhliain deiridh de staidéar fochéime, múintear formhór na gcúrsaí trí theagasc seimineáir.
Staidéar Fochéime
Léann an Bhéarla (Onóir Shingil)
Baineann léann an Bhéarla ag leibhéal fochéime le stair agus cleachtais na scríbhneoireachta i mBéarla. Déanfaidh mic léinn staidéar ar shaothair litríochta a chuimseoidh na cultúir seo a leanas: Béarla, Angla-Éireannach, Meiriceánach agus iarchóilíneach. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa staidéir seo eolas cuimsitheach ar stair na litríochta a fhorbairt agus ag an am céanna ag cur ar chumas na mac léinn a dtuairimí criticiúla féin a fhorbairt agus feasacht ar theoiricí criticiúla nó cultúir a chothú.
Litríocht an Bhéarla (Modhnóireacht Dhá Ábhar)
Cé go gclúdaíonn mic léinn na Modhnóireachta Dhá Ábhar na réimsí príomhlitríochta ar fad i mBéarla, níl an t-ualach oibre chomh dian leis an ualach oibre sa chlár Onóra Singil.
Ábhar an Chúrsa
Déanfaidh mic léinn i Scoil an Bhéarla staidéar ar chúrsaí roghnacha i rith a bhfochéime ceithre bliana i gColáiste na Tríonóide. Bíonn siad sin ábhartha go háirithe sa bhliain sofaistí (i.e. an tríú agus an ceathrú bliain) agus baineann siad de ghnáth le hábhair spéise taighde na foirne a bhíonn i gceist.
Staidéar Iarchéime i Scoil an Bhéarla
Cuireann Scoil an Bhéarla ceithre chúrsa iarchéime agus M.Phil ar fáil. Tá na cúrsaí seo comhdhéanta d’obair chúrsa agus tráchtas. Is iad seo na céimeanna M.Phil sin: Scríbhneoireacht na hÉireann, Scríbhneoireacht Chruthaitheach, Litríocht Mhóréilimh, Litríochtaí Chríocha Mheiriceá. Litríocht do Leanaí, na Daonnachtaí Digiteacha.
Céimeanna Taighde
Bíonn thart ar 70 mac léinn taighde i Scoil an Bhéarla de ghnáth. Oibríonn siad ar raon leathan topaicí. Áirítear ar na réimsí ina bhfuil pobal intleachtúil na scoile go han-láidir: Litríocht na hÉireann sa Bhéarla, Filíocht agus Prós Mheiriceá, Filíocht agus Prós de chuid an 18ú Aois, Litríocht Mhóréilimh, Litríocht na hAthbheochana agus Nua-Litríocht Luath, agus Litríocht na Meánaoise.
Tá an scoil ag baint tairbhe le fada as an rannchuidiú ollaimh agus taighdeoirí ardphróifíle ar cuairt. Áirítear orthu sin an scríbhneoir cáiliúil fantaisíochta Sir Terry Pratchett agus an t-úrscéalaí a bhfuil duais Pulitzer faighte aige, Richard Ford.