Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Séiplíneacht

Tá ceathrar séiplíneach sa choláiste atá ionadaíoch ar an gceithre phríomhthraidisiún Críostaíochta in Éirinn - Caitliceach Rómhánach, Anglacánach, Modhach agus Preispitéireach. Oibríonn na séiplínigh go dlúth le chéile mar fhoireann agus bíonn ar fáil chun cuidiú agus le tacú le mic léinn agus foirne a mbeadh treoir thréadach uathu.

I dTeach 27 atá an tSéiplíneacht lonnaithe agus is áit fháiltiúil é a bhfuil fáilte roimh gach duine i bpobal an choláiste bíodh creideamh agat nó ná bíodh! Bíonn tae agus caifé ar fáil sa Seomra Caidrimh agus bíonn ‘lón in aisce’ ar fáil do mhic léinn gach Máirt le linn téarma.

Tá séipéal stairiúil an choláiste lonnaithe sa Chearnóg Tosaigh agus bíonn á roinnt ag na heaglaisí éagsúla. Reáchtáiltear seirbhísí rialta gach seachtain le linn an téarma chomh maith le seirbhísí speisialta éacúiméineacha ag deireadh gach bliain acadúil.

Eagraíonn na séiplínigh réimse imeachtaí le linn na bliana agus cuireann deiseanna ar fáil d’fhorbairt creidimh, treoir thréadach, comhluadar spioradálta agus tacaíocht i gcás méala. Bíonn na séiplínigh sásta cuidiú le mic léinn a bhaineann le heaglaisí nó le creidimh eile ar mian leo teagmháil a dhéanamh lena bpobal reiligiúnda féin anseo i mBaile Átha Cliath.

Tá mionsonraí teagmhála do na séiplínigh agus eolas faoi sheirbhísí agus imeachtaí le fáil ar an láithreán gréasáin: www.tcd.ie/chaplaincy

TEAGMHÁIL

Seoladh na Séiplíneachta, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, Teach 27, Baile Átha Cliath 2

Séiplínigh

Alan OSullivan OP
aeosulli@tcd.ie
Oifig: 01-896 1260
Baile: 01-676 7316
  Peter Sexton,SJ
sextonpe@tcd.ie
Oifig: 01-896 1260
(Inmheánach 1260) Baile: 01-498 8510