Page 3 - Trinity College Dublin - Undergraduate Prospectus 2013

Basic HTML Version

Tá súil agam go smaoineoidh tú ar theacht go Coláiste na
Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar mhac léinn. Aithnítear Coláiste
na Tríonóide mar an ollscoil is fearr in Éirinn.* Tá cáil ar chúrsaí
Choláiste na Tríonóide agus ar dhíograis na foirne ar fud an
domhain mhóir.
I 1592 a bunaíodh Coláiste na Tríonóide, an ollscoil is sine in
Éirinn. Tá pobal bríomhar nua-aimseartha mac léinn as gach
contae ar fud na hÉireann agus as 122 tír ar fud an domhain
ag freastal air sa lá atá inniu ann.
I gColáiste na Tríonóide beidh tú ag foghlaim ó ollúna ar
ceannródaithe iad ina réimsí staidéir féin. Tá 400 cúrsa fochéime
ar fáil ann i réimse disciplíní sna hEalaíona, sna Daonnachtaí,
san Innealtóireacht, in Eolaíocht, Gnó agus Teicneolaíocht,
sna hEolaíochtaí Sóisialta agus sna hEolaíochtaí Sláinte. Tá
curaclam Choláiste na Tríonóide dírithe ar eolas a thabhairt ach,
chomh maith leis sin, ar smaointeoireacht chriticiúil an duine a
fhorbairt. Tugtar cead cainte do mhic léinn agus spreagtar iad le
páirt a ghlacadh sa díospóireacht agus a gcuid tuairimí sainiúla
féin a chur in iúl.
Cuirfear tacaíocht thréadach agus acadúil láidir ar fáil le linn
do thréimhse san ollscoil. Bíonn oide (ball den fhoireann
acadúil) ag gach mac léinn a thagann isteach, a bhíonn ar fáil
le comhairle a chur ort agus le cuidiú leat le haon deacrachtaí
pearsanta a thiocfadh chun cinn. Níl a leithéid de chóras oidí
le fáil in aon choláiste tríú leibhéal eile in Éirinn. Chomh maith
leis sin, tá clár meantóireachta le mic léinn níos sine ar fáil do
mhic léinn na chéad bhliana. Cuirimid réimse leathan seirbhísí
ardchaighdeáin ar fáil do gach mac léinn, mar shampla an
tSeirbhís Ghairmthreorach, an tIonad Sláinte agus an tSeirbhís
Chomhairleoireachta.
Is timpeallacht den scoth é an campas – áit chairdiúil shábháilte
le dul i mbun léinn, le foghlaim, le bheith ar do chompord agus le
maireachtáil ann. Lonnaithe i lár phríomhchathair na hÉireann,
tá saoráidí den scoth againn – ionad spóirt nua-aimseartha, an
tÁiléar Eolaíochta agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide, an
leabharlann taighde is mó in Éirinn, ina bhfuil beagnach 5 milliún
leabhar agus breis is 70,000 irisleabhar.
Tá os cionn 112 cumann éagsúil bríomhar i gColáiste na
Tríonóide chomh maith le os cionn 50 club spóirt. Glacann na
cumainn agus na clubanna le ballraíocht nua gach bliain le linn
Sheachtain na dTosaitheoirí i Meán Fómhair.
Bíonn deiseanna ann freisin, trí shocruithe comhpháirtíochta
Choláiste na Tríonóide le hollscoileanna den scoth i dtíortha eile,
seimeastar a chaitheamh thar lear le linn duit a bheith i mbun
staidéir.
Bíonn an-mheas go deo ag fostóirí ar fud an domhain ar
chéimithe Choláiste na Tríonóide. Tá céimithe den scoth tagtha
amach as Coláiste na Tríonóide le blianta fada. D’fhreastail
roinnt de na daoine is mó le rá i stair na hÉireann ar an
gColáiste: na scríbhneoirí Oscar Wilde agus Samuel Beckett;
na heolaithe William Rowan Hamilton agus E.T.S. Walton
(a bhuaigh Duais Nobel as an t-adamh a scoilteadh), chomh
maith le beirt d’Iar-Uachtaráin na hÉireann agus go leor
ceannairí tionsclaíochta.
Tá súil agam go smaoineoidh tú ar Choláiste na Tríonóide
a roghnú i dtosach ar choláistí eile le dul i mbun staidéir agus
le tabhairt faoi aistear úr i do shaol, aistear a thabharfaidh
dearcadh nua ar an saol duit, a chuirfidh bealaí úra
smaointeoireachta i do láthair agus trína ndéanfaidh tú cairde
buana saoil.
Patrick Prendergast
Propast
Iúil 2012
* Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath rangaithe sa chéad áit in Éirinn,
sa 65ú háit i measc an 100 ollscoil is fearr ar domhan agus sa 21ú háit i
measc ollscoileanna ceannródaíocha na hEorpa de réir shraithliosta QS um
Rangú Domhanda Ollscoileanna 2011. I sraithliosta um Rangú Domhanda
Ollscoileanna de cuid Times Higher Education, rangaítear TCD sa chéad áit in
Éirinn, sa 117ú háit i measc an 200 ollscoil is fearr ar domhan agus sa 42ú háit
i measc ollscoileanna ceannródaíocha na hEorpa.
Fáilte ón bPropast
TCD