Page 11 - Trinity College Dublin - Undergraduate Prospectus 2013

Basic HTML Version

9
Student Life at Trinity College
An Ghaeilge/The Irish language
Tá an Ghaeilge faoi bhláth anseo i gColáiste na Tríonóide i
gcroílár Bhaile Átha Cliath, agus bíonn sí á labhairt ar fud an
Choláiste. Tá sí le feiceáil i bhfoilseacháin oifigiúla an Choláiste
agus i nuachtáin na mac léinn. Tá líon mór ball sa Chumann
Gaelach (féach
), ceann de na cumainn mac
léinn is bríomhaire sa tír, a chuireann clár spleodrach imeachtaí
sóisialta ar fáil.
Tá Oifig na Gaeilge (féach
ann chun
an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an Choláiste, mar aon
le comhairle a thabhairt maidir leis an Acht Teanga. Bíonn an
Oifig ag feidhmiú i gcomhar le Coiste na Gaeilge, le tacaíocht ó
údaráis an Choláiste agus ón Údarás um Ardoideachas. Leagtar
amach gealltanais maidir le seirbhísí dátheangacha i Scéim
Teanga an Choláiste.
Cuirtear cúrsaí deonacha Gaeilge ar fáil saor in aisce do mhic
léinn agus cuirtear fáilte ar leith roimh mhic léinn úra nach bhfuil
ag déanamh staidéir ar an nGaeilge mar ábhar acadúil. Tá
dhá Scéim Chónaithe Ghaeilge againn do mhic léinn: Scéim
Chónaithe Dhartraí i Halla na Tríonóide (do dhaoine atá ag
tosú sa Choláiste) agus Scéim Chónaithe an Champais (ar
phríomhchampas an Choláiste, do dhaoine atá sa dara bliain
nó níos airde).
Go luath sa dara téarma, bíonn féile mhór Gaeilge an Choláiste
– Éigse na Tríonóide – ar siúl ar feadh seachtaine, le réimse
leathan imeachtaí, idir spóirt, díospóireachtaí, ceolchoirmeacha
agus eile. Bain sult as do shaol trí Ghaeilge i gColáiste na
Tríonóide!
Irish is flourishing here in Trinity College in the heart of Dublin.
You will hear it being spoken throughout the campus and will
see it in College and student publications. College’s Cumann
Gaelach (see
) is one of the most vibrant
Irish-language student societies in the country, with an exciting
programme of social events.
The Irish Language Office/Oifig na Gaeilge (see
) promotes the Irish language in College generally as
well as advising in relation to the Official Languages Act. The
Irish Language Office operates in conjunction with Coiste na
Gaeilge, Trinity College’s Irish Language Committee, and with
the support of the College authorities and the Higher Education
Authority. Commitments in relation to bilingual services in
College are set out in TCD’s Irish Language Scheme.
Voluntary Irish classes are available free of charge to all
students, including those who are not studying Irish as part of
their academic course. Trinity College has two Irish-speaking
student residential schemes – Scéim Chónaithe Dhartraí (in
Trinity Hall, for first-year students) and Scéim Chónaithe an
Champais (on the main campus, for continuing students).
Early in the second term, College’s annual week-long Irish
festival, Éigse na Tríonóide, takes place. The programme
features a wide range of activities – including sport, debates,
concerts and tours. Enjoy the Irish language as part of your
Trinity College experience!
TCD