Page 56 - 00012 TCD Undergraduate Courses 2012

Basic HTML Version

Arts, Humanities and Social Sciences
54
Assessment
Assessment is by exercises and essays submitted during the
year, as well as end-of-year examinations. In the final year you
must also research and write a dissertation.
Career opportunities
Some students of Early Irish pursue independent research in
the subject with a view to teaching at third-level. Most follow
a career in teaching or journalism, especially Irish-language
related media. Library archiving, the public service, marketing,
business, interpreting and translation all figure in the profiles
of past students.
An Nua-Ghaeilge
Is féidir Nua-Ghaeilge a dhéanamh i dteannta le hábhar eile
sa Mhodhnóireacht Dhá Ábhar (TR001) nó i dteannta le Luath-
Ghaeilge sa Mhodhnóireacht aon-onóra (EMI TR022). Sa dá
chóras seo déantar staidéar ar an dá ábhar ar feadh trí bliana
agus roghnaítear ceann amháin den dá ábhar don cheathrú
bliain. Bronntar céim onóra sa dá ábhar.
An é seo an cúrsa duitse?
Má bhaineann tú taitneamh as Gaeilge a labhairt, a scríobh
is a léamh, agus más mian leat barr feabhais a chur ar do
chumas sna réimsí sin, beidh an cúrsa seo oiriúnach duit. Is í
an Ghaeilge teanga oibre Roinn na Gaeilge. Tá an-cháil ar an
Roinn seo as a bheith cairdiúil. Bíonn líon na mac léinn beag
go leor le nach mbíonn sé deacair ag na mic léinn aithne a chur
ar a chéile. Tá Cumann Gaelach na mac léinn an-ghníomhach
ar fad; tá scéim chónaithe lánGhaelach a bhfuil an-tóir uirthi
sa Choláiste. San iomlán, is geall le mionGhaelacht i lár na
príomhchathrach sinn.
Ábhar an chúrsa
Is trí mheán na Gaeilge a mhúintear gach gné de chúrsa na
Nua-Ghaeilge. Ar thréimhse iomlán na Nua-Ghaeilge a dhíríonn
an cúrsa: ó Ghaeilge Chlasaiceach na Nua-Ghaeilge Moiche
sa 13ú haois go dtí an Caighdeán Oifigiúil sa 21ú haois. Is
ar an teanga féin, idir labhartha agus scríofa, a leagtar an
bhéim i ngach aon bhliain. Mar sin, cuid thábhachtach den
chúrsa is ea an staidéar foirimiúil a dhéantar ar cheartúsáid
na Gaeilge. Chomh maith leis sin, pléann na léachtaí le stair
shóisialta na teanga, leis an mbéaloideas, le filíocht na scol,
leis an bhfiannaíocht agus leis an nualitríocht. Ní mór do gach
aon mhac léinn dhá mhí a chaitheamh sa Ghaeltacht in Éirinn
mar chuid den chúrsa. Sainghné speisialta de chúrsa na Nua-
Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide ná gur anseo amháin a bhíonn
seans ag mic léinn trí bliana a chaitheamh le Gaeilge na hAlban.
Beidh seans agat, más mian leat, tréimhse a chaitheamh i
nGaeltacht na hAlban.
An chéad bhliain agus an dara
bliain
Sa chéad bhliain agus sa dara bliain, díríonn an cúrsa ar na
hábhair seo a leanas: scileanna teanga, idir labhartha agus
scríofa, an cheapadóireacht, an t-aistriúchán, stair shóisialta
na Gaeilge, an Ghaeilge Chlasaiceach, an nualitríocht, Gaeilge
na hAlban.
An tríú bliain agus an ceathrú bliain
Sa tríú bliain agus sa cheathrú bliain, díríonn an cúrsa ar na
hábhair seo a leanas: ardscileanna teanga, idir labhartha agus
scríofa, an cheapadóireacht agus an t-aistriúchán ag leibhéal
níos airde, agus Gaeilge na hAlban. Déantar staidéar freisin
ar an bpailéagrafaíocht (léamh lámhscríbhinní). Ina theannta
sin, déanann mic léinn rogha cúrsaí sa Nua-Ghaeilge Mhoch,
sa litríocht bhéil, i nualitríocht na Gaeilge agus/nó nualitríocht
Ghaeilge na hAlban.
Measúnú
Bíonn ar gach mac léinn cleachtaí scríofa a dhéanamh gach
seachtain mar chuid den mheasúnú leanúnach; bíonn aistí le
scríobh go tráthrialta, agus béaltriail agus scrúduithe scríofa
ag deireadh na bliana. Sa cheathrú bliain, bíonn taighde le
déanamh agus tráchtas le scríobh.
Postanna
Déanann mic léinn áirithe taighde sa Nua-Ghaeilge chun post
teagaisc ag an tríú leibhéal a bhaint amach. Téann tromlach
na mac léinn le múinteoireacht agus le hiriseoireacht (sna
meáin Ghaeilge ach go háirithe), cuid díobh le hateangaireacht
agus le haistriú. Tá iarmhic léinn le Nua-Ghaeilge tar éis dul
le gairmeacha éagsúla cosúil leis an leabharlannaíocht, an
tseirbhís phoiblí, margaíocht agus gnó freisin.
Did you know?
n
Trinity College is home to the twelfth-century Book
of Leinster, one of the most important manuscripts of
Irish literature and learning to have survived from the
medieval period.
Further information
www.tcd.ie/Irish
Tel: +353 1 896 1450