Page 3 - 00012 TCD Undergraduate Courses 2012

Basic HTML Version

Tá súil agam go smaoineoidh tú ar theacht go Coláiste na
Tríonóide mar mhac léinn.
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Coláiste na
Tríonóide mar an ollscoil is fearr in Éirinn, agus mar cheann
de na hollscoileanna is fearr ar domhan*. Bunaíodh Coláiste
na Tríonóide sa bhliain 1592. Is é an ollscoil is sine in Éirinn é.
Tá pobal bríomhar 16,837 mac léinn againn, as gach contae
in Éirinn, as 122 tír, agus ó chúlraí sóisialta agus aoisghrúpaí
éagsúla. Fuair roinnt de na daoine is iomráití i stair na hÉireann
a gcuid oideachais i gColáiste na Tríonóide – scríbhneoirí cosúil
le Oscar Wilde agus Samuel Beckett, eolaithe cosúil le William
Rowan Hamilton agus E.T.S. Walton (a bhuaigh duais Nobel as
an obair a rinne sé ar an adamh), maille le beirt d’Uachtaráin na
hÉireann agus neart cinnirí tionscail.
Tá roinnt tosaíochtaí tábhachtacha againn dár gcuid mac léinn.
Ceaptar Oide do gach mac léinn, ball den fhoireann acadúil a
chuirfidh comhairle ort agus a chuideoidh leat má bhíonn aon
fhadhb phearsanta agat. Níl a leithéid le fáil in aon ollscoil eile
in Éirinn. Agus tá córas nua meantóireachta ‘mac léinn go mac
léinn’ againn, trína dtugann mic léinn eile treoir agus tacaíocht
do mhic léinn úra. Tá an tSeirbhís Ghairmthreorach ar cheann
eile de na seirbhísí ardchaighdeáin a chuirimid ar fáil do mhic
léinn. Tá féidearthachtaí ann freisin le staidéar a dhéanamh
thar lear i bpríomhollscoileanna eile a bhfuil comhaontú
comhpháirtíochta acu linn.
An cur chuige atá againn anseo i gColáiste na Tríonóide ná gur
scoláire agus múinteoir gach léachtóir. Sa chaoi seo, bíonn deis
foghlaim ó ard-shaineolaithe domhanda sna réimsí éagsúla.
I gColáiste na Tríonóide, cuirimid oideachas den scoth ar fáil
thar réimse disciplíní: sna hEalaíona, sa Sruithléann, san
Innealtóireacht, san Eolaíocht agus sna hEolaíochtaí Daonna,
Sóisialta agus Sláinte. Ní ar bhailiú eolais amháin atá curaclam
an Choláiste dírithe, ach ar an smaointeoireacht chriticiúil a
fhorbairt agus an taighde a éascú ag gach leibhéal den chlár
fochéime chomh maith. Foghlaimeoidh tú conas smaoineamh
as do stuaim féin, conas foghlaim ó bhotúin, agus conas d’intinn
a mhúnlú chun gach rud a thiocfaidh i do threo a láimhseáil. Is
scileanna buana iad na scileanna seo.
Agus an Coláiste suite i gcroílár phríomhchathair ghnóthach na
hÉireann, is féidir le mic léinn teacht ar na háiseanna agus nithe
spéise go léir atá ar fáil i mBaile Átha Cliath. I measc áiseanna
úrscothacha an champais, tá ionad spóirt nua-aimseartha, an
tÁiléar Eolaíochta (an chéad tionscnamh dá leithéid ar domhan),
agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide, an leabharlann
taighde is mó in Éirinn. Anuas ar bhailiúcháin éagsúla a cuireadh
le chéile thar 400 bliain, tá cnuasach dlíthiúil 200 bliain ag an
gColáiste, agus an ceart aige cóip a fháil de gach leabhar a
fhoilsítear in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe. Tá bailiúchán leathan
lámhscríbhinní sa Choláiste, ina measc an lámhscríbhinn is
cáiliúla acu, Leabhar Cheanannais.
Soláthraíonn Coláiste na Tríonóide deis iontach don fhorbairt
phearsanta. Tá a lán cumann agus clubanna spleodracha sa
Choláiste, a chuireann go mór le saol agus le bríomhaireacht na
háite. Tá breis agus 50 club spóirt agus nach mór 100 cumann
againn, agus ábhar spéise do chách iontu.
Agus muid tiomnaithe don sár-chleachtas múinte agus taighde
araon, cuirtear eachtra fochéime den scoth ar fáil anseo, eachtra
a athróidh do shaol. Mar mhac léinn sa Choláiste, braithfidh
tú an stair i do thimpeall agus tú ag leanúint lorg na gcéimithe
cáiliúla a d’imigh romhat; céimithe a chuir (agus a chuireann)
le stair na tíre seo agus le stair an domhain. Tá súil agam go
dtiocfaidh tú anseo mar mhac léinn, agus beidh mé ag súil le
fáilte a chur romhat ar an gcampas agus tú ag cur tús le haistear
iontach, a osclóidh d’intinn ar eispéireas nua, bealaí agus
modhanna smaointe úra, agus a sholáthróidh deiseanna úra
cairdis duit, roinnt mhaith acu a rachaidh chun tairbhe duit ar
feadh do shaoil.
Patrick Prendergast
Propast
Iúil 2011
* Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sa 52ú háit i liosta den 100
ollscoil is fearr ar domhan agus sa 15ú háit san Eoraip de réir shraithliosta QS
d’ollscoileanna an domhain, 2010. I sraithliosta Times Higher Education den
200 ollscoil is fearr ar domhan, tá TCD ar an 76ú hollscoil is fearr ar domhan
agus sa 14ú háit san Eoraip.
Fáilte ón bPropast